

Beidh ar mhic léinn coláiste agus a dtuismitheoirí €1,000 breise a íoc in aghaidh na bliana i dtáillí as seo amach, agus tá an cinneadh tar éis Fianna Fáil agus Fine Gael a roinnt.
Tá conspóid mhór tagtha chun cinn sa Chomhrialtas tar éis foinsí gar do cheannaireacht Fhine Gael a rá nár cuireadh ar an eolas iad faoin gcinneadh.
Tá tuismitheoirí agus mic léinn tar éis freagairt go feargach don fhógra ón Aire Breisoideachais agus Ardoideachais James Lawless, díreach míonna roimh thús an téarma nua, go gcuirfear táillí mac léinn ar ais go €3,000 in aghaidh na bliana.
Tá an tUasal Lawless tar éis a rá nach mbeidh laghdú costais mhaireachtála, €1,000, ar táillí mac léinn i mBuiséad na bliana seo, mar a bhí le trí bliana anuas.
Dúirt foinsí gar don Tánaiste Simon Harris go raibh na rudaí a dúirt an tUasal Lawless Dé Domhnaigh deacair a chreidiúint.

Gheall an tUasal Harris do mhic léinn, le linn fheachtas an olltoghcháin, go ndéanfadh a pháirtí bogadh chun fáil rédidh le táillí coláiste.
Ina dhiaidh sin, tá baill de Fhianna Fáil tar éis iarraidh ar chur chuige níos ‘aibí’ le linn caibidlíochtaí an Bhuiséid ó Fhine Gael.
Laghdaigh an rialtas roimhe seo táillí ollscoile mar chuid de na bearta aonuaire, costas maireachtála sna trí Bhuiséad dheireanacha.
Mar sin féin, tá tuismitheoirí a bhfuil páistí acu sa choláiste ag pleanáil a mbuiséid teaghlaigh de réir na gcostas sin – anois tá sin le hathrú agus beidh orthu €1,000 breise a íoc.
Tagann sé seo ag am nuair a deir 70% de dhaoine go bhfuil siad chomh himníoch sin faoi chostas ard an bhia go bhfuil siad ag úsáid aipeanna ollmhargaidh agus brandaí buiséid chun airgead a shábháil.
Tháinig an teannas sa Rialtas chun cinn toisc go raibh Harris, a bhí ina Aire Ardoideachais cheana féin, ag iarraidh go ndéarfadh daoine gurbh é féin a bhí freagrach as an laghdú ar tháillí coláiste.
Agus dúirt sé go gcuirfeadh sé deireadh leo go hiomlán.
Ach tháinig an teannas chun cinn nuair a labhair an tUasal Harris le comhghleacaithe Fhine Gael faoi mholtaí chun costas oideachais, lena n-áirítear táillí, a laghdú.
Bhí an tUasal Lawless, atá freagrach as na táillí, tar éis a rá cheana féin go mbainfidh na céadta milliún euro ó ollscoileanna agus coláistí mar gheall ar an easpa airgid.
Tacaíonn an tAire Airgeadais Paschal Donohoe, de chuid Fhine Gael, agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, de chuid Fhianna Fáil, lena sheasamh nach féidir na ciorruithe ar chostas maireachtála a thabhairt isteach arís sa chéad bhuiséad eile.
Ach dúirt an Teachta Dála ó Bhaile Átha Cliath Ráth an Dúin (Rathdown) agus léachtóir ollscoile Maeve O’Connell go bhfuil Fine Gael agus an tUasal Harris fós tiomanta do chostas an oideachais tríú leibhéal a laghdú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.