

Corónaíodh Na Gaeil Aeracha, an chéad fhoireann CLG LADTA+ ar domhan, mar sheaimpíní sraithe CLG Bhaile Átha Cliath tar éis sraith gan buille.
Chuir an club, a bunaíodh sa bhliain 2020, clabhsúr ar a bhfeachtas stairiúil le comhscór cinntitheach i gcoinne Chaisleán Cnucha (Castleknock) oíche Luain chun an trófaí sraithe a chinntiú.
Agus anois is iad seaimpíní Shraith CLG Bhaile Átha Cliath Roinn 11A.
Tar éis cluiche dian 2-11 in aghaidh 1-14, bronnadh Corn Go Ahead Ireland AFL (Rannóg Pheile na nDaoine Fásta) Roinn 11A ar na comhchaptaein Ciarán Murphy agus Neil Murphy thar ceann Bhord Chontae Bhaile Átha Cliath.

‘Is toradh é an méid atá bainte amach againn an séasúr seo, ar na blianta fada oibre crua atá déanta againn mar fhoireann,’ a dúirt Ciarán Murphy Captaen Peile Fir+ Na Gaeil Aeracha.
‘Bunaíodh Na Gaeil Aeracha le sprioc shimplí chun spás sábháilte a chruthú do dhaoine aeracha laistigh den CLG agus a thaispeáint do gach duine gur dúinn uile atá an spórt. Ní neart go cur le chéile.’
Tá an rath seo ina thoradh de chúig bliana d’oibre agus tá peileadóirí fir+ NGA ag dul ó neart go neart, ag buachan deich gcluiche as a chéile chun Corn na Sraithe a bhaint amach, agus iad ar an gcéad fhoireann LADTA+ in Éirinn chun é sin a dhéanamh.
‘Ciallaíonn an bua seo níos mó ná teideal amháin — is ráiteas é. Léirigh ár bhfoireann gur féidir le daoine éachtaí iontacha a bhaint amach nuair a thugtar spás dóibh le bheith iad féin,’ a dúirt Richard Forde, Bainisteoir Peile na bhFear+.
‘Táim thar a bheith bródúil as gach imreoir, ní hamháin as a gcumas, ach as a misneach, a seasmhacht agus a n-aontacht.
‘Tá an bua seo do gach duine a mhothaigh riamh nach raibh spás ann dóibh sa spórt — tá spás ann daoibh, agus beidh i gcónaí.’
Thosaigh an tsraith go buacach i mí Feabhra le bua aon phointe amháin i gcoinne Ranelagh Gaels agus ina dhiaidh sin bhuaigh siad go cinntitheach ar Clanna Gael-Fontenoy.
Chinntigh cluichí breise i gcoinne St James Gael, Caban tSíle, St Maurs agus Ballyfermot Gaels gur lean an tsraith bhuacach ar aghaidh.
Agus ardú céime ag druidim leo, chríochnaigh Na Gaeil Aeracha a gcluichí go láidir, le bua in aghaidh St Oliver Plunkett’s agus St Mary’s Saggart roimh an gcluiche ceannais i gcoinne Chaisleán Cnucha oíche Luain.

‘Bhí roinnt laethanta iontacha agam mar imreoir le mo chlub baile, ach tá an toradh agus an t-éacht seo leis na Gaeil Aeracha níos fearr ná aon rud a raibh baint agam leis riamh i CLG. Is spreagúil an méid atá bainte amach ag an ngrúpa imreoirí seo i dtréimhse chomh gearr sin.
‘Is iad laethanta mar seo an fáth go bhfuil CLG chomh speisialta,’ a dúirt Alex Griffith, Príomhchóitseálaí Peile na bhFear+
Tá ceithre fhoireann fásta ag Na Gaeil Aeracha sa Pheil Ghaelach, Iománaíocht, Camógaíocht agus Peil na mBan
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.