

D’ordaigh Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, imscrúdú chun a fháil amach an raibh tuiscint ag Joe Biden ar na cinntí a bhí á ndéanamh aige agus é ina uachtarán.
Tá Trump ag líomhain gur cheilt cúntóirí Biden a chuid fadhbanna meabhracha agus gur ‘mhí-úsáid siad an chumhacht’ a bhí acu.
Beidh an t-imscrúdú ag féachaint freisin ar cé a chinn gur cheart doiciméid a shíniú le ‘autopen’.

D’úsáid uachtaráin eile ‘autopen’ roimhe seo. Déanann sé aithris ar shíniú an uachtaráin ar dhoiciméid agus úsáidtear é nuair a bhíonn an t-uachtarán as baile.
Úsáideadh é le blianta fada agus cheadaigh an Chomhdháil (Congress) é, ach beidh an t-imscrúdú nua ag fiafraí an ndearna Joe Biden na cinntí chun é a úsáid.
D’ordaigh Trump freisin do dhlíodóirí imscrúdú a dhéanamh ar ‘iarrachtaí’ cúntóirí Biden faisnéis faoina shláinte mheabhrach agus fhisiciúil araon a cheilt.
Tagann an t-ordú i ndiaidh leabhar nua, Original Sin, ina raibh cur síos ar chúntóirí ag coinneáil Biden ó rúnaithe an Chomh-Aireachta agus baill eile dá rialtas.
Dúirt Biden, atá 82 bliain d’aois, le déanaí freisin go ndúradh leis go raibh ailse phróstatach chun cinn air. Agus tá ceisteanna á gcur faoi sin: Cathain a bhí a fhios ag Biden agus ag a fhoireann faoin ailse.
Threoraigh Trump an t-imscrúdú freisin ar an gcaoi ar ghlac Biden cinntí feidhmiúcháin le linn a bhlianta deiridh in oifig, chun a fháil amach cé a d’ordaigh maithiúnas (pardons) do dhaoine éagsúla.
‘Is ceann de na scannail is contúirtí i stair Mheiriceá an chomhcheilg seo,’ a scríobh Trump ina ordú.
‘Cosnaíodh pobal Mheiriceá d’aon ghnó ó fháil amach cé a bhí an chumhacht feidhmiúcháin aige, agus síniú Biden á imscaradh ar fud na mílte doiciméad chun athruithe beartais radacacha a chur i gcrích.’
Mar sin féin, tháinig an t-ordú feidhmiúcháin tar éis do Trump post aisteach ar na meáin shóisialta a roinnt, thar an deireadh seachtaine, a mhaígh gur ‘curadh Biden chun báis i 2020’ agus gur cuireadh clón róbatach ina áit.
Agus leanann sé patrún moltaí ón uachtarán agus a chomhghuaillithe gur puipéad éagumasach meabhrach dá chúntóirí a bhí i Biden.

Chuir Biden ráiteas láidir amach ag diúltú don líomhain.
Dúirt sé go rinne sé féin ‘na cinntí faoi na maithiúnais, na horduithe feidhmiúcháin, an reachtaíocht, agus na forógraí’ le linn a uachtaránachta.
‘Is áiféiseach agus bréagach aon leid nach ndearna mé,’ a dúirt Biden.
Dúirt sé i sraith láithrithe poiblí le déanaí go raibh sé i gceannas ar a chuid cumais.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.