Tá conradh arm €287.5m le cuideachta Iosraelach curtha ar ceal ag an Spáinn

Tá an Spáinn ag cáineadh ionsaithe Iosraelacha ar Gaza le fada an lá – agus anois tá conradh ollmhór curtha ar ceal acu le haghaidh diúracán ‘anti-tankl’

Tá conradh chun €287.5m a íoc le haghaidh diúracán fritancanna (anti-tank) curtha ar ceal ag an Spáinn le cuideachta Iosraelach, de réir tuairiscí.

Tá cáineadh láidir déanta ag acu freisin, mar aon le hÉirinn, ar Iosrael as a hionsaithe ar na Palaistínigh i nGaza.

Agus anois tá conradh curtha ar ceal aici – conradh chun 168 lainseálaí (launchers) agus 1,680 diúracán a cheannach ón gcuideachta cosanta Iosraelach, Rafael, de réir na dtuairiscí in AFP.

Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez
Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez

Bhí luach €287.5m ar an margadh, agus bhí an trealamh le monarú sa Spáinn faoi cheadúnas ó Rafael.

Idir an dá linn, tá athbhreithniú tosaithe ag an Aontas Eorpach ar a chomhaontú comhair le hIosrael, tar éis d’Iosrael ionsaí athnuaite a sheoladh i nGaza a bhfuil sé mar aidhm aici 75% den talamh ina gcónaíonn muintir na Palaistíne a urghabháil.

Dúirt foinsí in Aireacht Cosanta na Spáinne go bhfuil próiseas tosaithe ag an rialtas chun deireadh a chur le ceadúnais a thabhairt comhlachtaí Iosraelach.

Dúirt siad gur mian leo ‘neamhspleáchas níos mó a bhaint amach’.

Chuir cáineadh phríomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, ar an ionsaí i nGaza fearg ar rialtas phríomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, anuraidh.

Tá stát na Palaistíne aitheanta ag an Spáinn freisin, cinneadh nár éirigh le go leor tíortha a dhéanamh.

Cuireann Iosrael brú ar rialtais gan stát na Palaistíne a aithint agus iad ag iarraidh rialtas na Palaistíne a dhiúltú.

Benjamin Netanyahu
Benjamin Netanyahu

Ag deireadh mhí Aibreáin, chuir an Spáinn conradh ar ceal chun piléir a cheannach ó chuideachta Iosraelach eile, IMI Systems.

Dúirt an tAire Saothair, Yolanda Díaz, ag an am nach bhféadfadh an tír ‘gnó a dhéanamh le rialtas cinedhíothaithe … atá ag marú mhuintir na Palaistíne’.

Dúirt rialtas Sánchez gur chuir siad stop le hidirbhearta arm le hIosrael tar éis thús an chogaidh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram