Domestic abuse! Bhí 21,000 tuairisc ar dhrochíde baile go dtí seo i mbliana

02/06/2025

‘Domestic Abuse: Call us – táimid anseo chun cabhrú libh,’ a deir na Gardaí agus iad ag rá go raibh 21,000 tuairisc ar dhrochíde baile (domestic abuse) ann ó mhí Eanáir, agus 63,000 tuairisc anuraidh

Dúirt na Gardaí go bhfuair siad breis is 21,000 tuairisc ar dhrochíde baile (domestic abuse) ar fud na tíre go dtí seo i mbliana; agus d’iarr siad ar gach íospartach cabhair a fháil.

Dúirt na Gardaí go bhfuil a fhios acu go bhfuil daoine ann atá fós imníoch faoi theagmháil a dhéanamh leo faoi dhrochíde baile.

Bhí na Gardaí ag cur ‘Go Purple Day’ chun cinn, sin tionscnamh atá acu chun cabhrú le tuiscint a mhúscailt faoi dhrochíde baile agus an tacaíocht atá ar fáil.

Dúirt na Gardaí go bhfuair siad breis is 21,000 tuairisc ar dhrochíde baile (domestic abuse) ar fud na tíre go dtí seo i mbliana
Dúirt na Gardaí go bhfuair siad breis is 21,000 tuairisc ar dhrochíde baile (domestic abuse) ar fud na tíre go dtí seo i mbliana

Tionscnaíodh ‘Go Purple Day’ cúig bliana ó shin ag an nGarda Póilíneachta Pobail Stacey Looby, a bhí ag obair san Uaimh (Navan) ag an am agus a d’aithin an tionchar a bhí ag srianta na paindéime ar dhaoine a bhí ina gcónaí faoi eagla.

I ráiteas, dúirt na Gardaí: ‘Go dtí seo in 2025, fuair an Garda Síochána breis is 21,000 teagmháil a bhain le dhrochíde baile; ag deireadh 2024, ba é 65,000 an figiúr sin.

‘Tá Éire ar cheann de thrí thír a thug isteach cion sonrach (a specific offence) maidir le ‘coercive control’ agus, ó tugadh isteach é, bhí 52 ionchúiseamh ann don choir seo.

‘Tá 12 ionchúiseamh tionscnaithe ag an nGarda Síochána don chion nua stalcaireachta (stalking) ó tugadh isteach é, agus baineann sé cinn díobh sin faoi dhrochíde baile.’

Dúirt an Príomh-Cheannfort Bleachtaireachta (Detective Chief Superintendent) Colm Noonan, ó Bhiúró Náisiúnta Seirbhísí Cosanta an Gharda Síochána: ‘Tá a fhios againn freisin go bhfuil na céadta duine ann nach féidir leo glaoch a chur ar a stáisiún Garda áitiúil fós, chun a chur in iúl dúinn go bhfuil cabhair ag teastáil uathu.

‘Ba mhaith linn a chur ina luí ar mhná, ar fhir agus ar leanaí nach bhfuil sibh i n-aonar agus go bhfuil cabhair amuigh ansin.

‘Is rómhinic a chuala muid ó íospartaigh a dúirt nach bhfuil áit ar bith le dul acu.’

Agus é ag caint faoi dhrochíde baile, dúirt sé: ‘Sin é an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach inniu solas a chaitheamh ar na daoine sin a bhfuil gach solas múchta orthu agus nach bhfeiceann bealach amach.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram