

Tá na Stáit Aontaithe agus Iosrael ag buamáil Houthis san Éimin (Yeman) go rialta le dhá mhí anuas.
Ach tá siad ag marú sibhialtach cé go n-éilíonn siad go bhfuil siad ag ionsaí grúpaí sceimhlitheoireachta, de réir anailísithe sna Stáit Aontaithe.
Deir rialtais Mheiriceá agus Iosrael gur dhírigh na hionsaithe ar cheannairí Houthis agus a mbonn, ach mharaigh siad go leor sibhialtach, agus scrios siad bonneagar ríthábhachtach a theastaíonn ó mhuintir na háite san Éimin, an tír is boichte sa Mheánoirthear, de réir tuairisce sa New York Times.
Tá aerfhórsa na Breataine — an RAF — tar éis páirt a ghlacadh i mbuamáil Éimin freisin.
Ba é seo an chéad ghníomh míleata a cheadaigh rialtas an Lucht Oibre faoi stiúir Keir Starmer, agus an chéad uair a ghlac fórsaí Briotanacha páirt i bhfeachtas ionsaitheach buamála Meiriceánach i gcoinne na Houthis.

De réir tuairiscí ó maraíodh 68 duine nuair a bhuail buamaí ionad d’inimirceach ón Afraic i dtuaisceart na tíre, ag deireadh an mhí seo caite
Fuair 80 sibhialtach eile bás i mbuamáil ar chalafort Ras Isa ar an 18 Aibreán.
Dúirt Annie Shiel, stiúrthóir Meiriceánach na heagraíochta Center for Civilians in Conflict (Civic), go bhfuil ‘ceisteanna móra fós le freagairt maidir leis na bearta réamhchúraim a tógadh chun damáiste do shibhialtaigh a sheachaint’, rud atá ag teastáil faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi pholasaí Mheiriceá féin.
Dúirt sí freisin gur tháinig athrú soiléir ar pholasaí ó aimsir Donald Trump i leith.
Tá an Rúnaí Cosanta Meiriceánach Pete Hegseth tar éis a rá gur chóir don arm Meiriceánach díriú ar an cumas marfach atá acu, agus gearradh siar ar chláir a bhí dírithe ar chosaint shibhialtaigh.
De réir na Houthis, tá siad ag ionsaí longa trádála agus longa cogaidh an Iarthair sa Mhuir Rua mar agóid i gcoinne thacaíocht rialtais an Iarthair do na hionsaithe Iosraelacha i gcoinne mhuintir na Palaistíne.
Ag deireadh an mhí seo caite, tháinig eitleáin Typhoon den RAF isteach sa choimhlint agus bhuail siad roinnt foirgneamh 15 míle ó dheas ó phríomhchathair na hÉimin, Sana’a.
Dúirt siad go raibh na foirgnimh á n-úsáid ag na Houthis chun diúracáin a tháirgeadh.
Tá géarchéim dhaonnúil mhór ag dul in olcas san Éimin, agus tá imní mhór á léiriú ag gníomhaígh cearta daonna faoi ról na Breataine agus Mheiriceá sa choimhlint seo.
Tá formhór na sibhialtach in Éimin ina gcónaí i gceantair ina bhfuil tacaíocht láidir ag na Houthis; agus bhí blianta fada cogaidh acu cheana féin roimh na hionsaithe Meiriceánacha agus Iosraelacha le déanaí.
Tá na Houthis tar éis a ngníomhartha i gcoinne na nIosraeilíteach a mhéadú ó thosaigh na hionsaithe ar mhuintir na Palaistíne i nGaza.
Anois, in ainneoin na míonna ionsaithe, tá roinnt anailísithe agus oifigeach ag ceistiú an ndearna siad damáiste ar bith do na Houthis, de réir na tuairisce sa New York Times.
Tá níos mó ná 1,000 ionsaí déanta ag riarachán Trump.
‘Tá géarchéim breosla spreagtha ag na stailceanna cheana féin, rud a chuirfidh dlús le costas earraí agus seirbhísí bunúsacha i dtír ina bhfuil formhór an daonra ag streachailt le bia a fháil,’ a dúirt Nadwa al-Dawsari, anailísí atá dírithe ar an Éimin ag an Middle East Institute i Washington, de réir na tuarascála.

Deir sibhialtaigh agus oibrithe cúnaimh gur chuir na feachtais bhuamála le staid dhaonnúil atá uafásach cheana féin.
Sa bhliain 2014, tháinig na Houthis i gcumhacht san Éimin agus chuir comhrialtas míleata faoi cheannas na hAraibe Sádaí tús le feachtas buamála sa bhliain 2015. Fuair siad tacaíocht ó Mheiriceánaigh a thug na hairm dóibh.
Ansin, chuir an grúpa Araib Shádach bac ar bhia agus ar earraí eile dul isteach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.