Gaeilge: Cruthaítear ocht bhfocal nua gach lá – Éist leis an agallamh anseo agus faigh rochtain ar an bhfoclóir nua AI

23/05/2025

Ag fáil bháis? Ní hea! A mhalairt, cruthaítear 3,000 focal nua Gaeilge gach bliain – Éist leis an agallamh anseo agus faigh rochtain ar an bhfoclóir nua AI

I bhfad ó bheith ag fáil bháis, mar a deir daoine áirithe, is teanga í Gaeilge atá ag fás.

Go deimhin, tá sí ag fás ar ráta de thart ar 3,000 focal sa bhliain, de réir Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don nGaeilge.

Is ionann sin agus níos mó ná ocht bhfocal nua Gaeilge gach lá; agus sa phíosa seo beimid ag féachaint ar an mbealach a tharlaíonn sé sin.

Is Gaeilgeoir ó San Diego é Seathrún Sardina, a bhfuil a phaisean don nGaeilge mar an gcéanna lena fhuinneamh ag cruthú foclóir nua do ghlúin na hintleachta saorga (AI).

Insíonn sé dúinn an chaoi a n-úsáideann sé téacsanna agus foclóirí traidisiúnta chun focail fhíor-Ghaeilge a chruthú, bunaithe ar an nGaeilge seachas ar an mBéarla, don teicneolaíocht nua.

Agus tá roinnt rudaí conspóideacha le rá aige faoi úsáid focal Béarla.

Mar sin féin, tá Seathrún mar chuid de thionscal atá ag coinneáil Gaeilge suas chun dáta.

Agus léirigh alt suimiúil le hAoife Ryan-Christensen do Brainstorming agus RTÉ, an chaoi a gcruthaítear leaganacha Gaeilge d’fhocail cosúil le ‘catfish’, ‘enshittification’ agus ‘rizz’?

Labhair Aoife leis an Dr Gearóid Ó Cleircín, atá le Fiontar & Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, atá ar choiste an Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don nGaeilge.

Foclóir Gaeilge ag Seathrún Sardina
Foclóir Gaeilge ag Seathrún Sardina

Cruthaíonn siad na focail nua agus cuirtear leis an mbunachar téarmaíochta oifigiúil iad, ina bhfuil thart ar 168,000 iontráil dhátheangach faoi láthair.

Agus le dul chun cinn na Gaeilge tá an-chuid áiseanna ar fáil ar líne chun cabhrú linn, leithead is Focloir.ie, Teanglann agus Téarma.

Mar sin féin, ní chlúdaíonn siad gach rud. Sin an fáth gur chruthaigh Seathrún Sardina a fhoclóir nua faoi gach rud a bhaineann le saol na hintleachta saorga – sé sin AI.

Labhair sé le ExtraG agus Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM agus is féidir an t-agallamh iomlán a chloisteáil ar Soundcloud.


blas na cathrachd
ÉIST LEIS AN AGALLAMH: CLICEÁIL ANSEO

ÉIST LEIS AN AGALLAMH:
CLICEÁIL ANSEO


Cad as tú, Seathrún?

‘Is as San Diego ó dhúchas me. Rugadh is tógadh sna Stáit Aontaithe mé agus cúig bhliain ó shin bhog mé go hÉirinn chun máistreacht a dhéanamh, agus i ndiaidh sin chun PhD a dhéanamh; ach an chuid is mó do mo shaol bhí sé caite i San Diego.’

D’fhas sé aníos le Béarla amháin.

Abair linn faoin bhfoclóir nua, cén fáth a gceapann tú go bhfuil gá leis?

‘Tá dhá chúis leis. An chéad chúis ná an-chuid de na focail atá ag baint leis an intleacht shaorga, níl siad i bhfoclóir ar bith eile agus mar sin má tá tú ag iarraidh rud a scríobh i nGaeilge maidir le ríomheolaíocht, ríomhfhoghlaim nó rudaí mar sin, ní raibh na focail ann ach tá anois.’

Agus an dara chúis atá ag Seathrún, tá sé níos chonspóideach. Deir sé nach bhfuil sé sásta le cuid de na téarmaí i atá ar fáil ar téarma.ie. Deir sé go bhfuil an iomarca Béarlachais ann.

‘Chomh maith leis sin, go minic níl siad intuigthe ag cainteoirí dúchais,’ a deir sé.

‘Is cuimhin liom comhrá a bhí agamsa cúpla bliain ó shin le cainteoir dúchais, a chaith  a shaol ar fad i mbun aistriúchán; agus is cuimhin liom go maith é, toisc go ndúirt sé liom, má tá tú ag déanamh aistriúcháin ar rud ar bith níor cheart duit ach Teanglann a úsáid. An uair sin blianta ó shin, níor chreid mé, bhí mé ag ceapadh, cén fáth? Nach bhfuil Téarma a fháil? Ach agus mise ag foghlaim na Gaeilge níos mó is níos mó, thug mé faoin aire go raibh an ceart aige.

an draoi gramadai

‘Níl Téarma.ie chomh maith le Teanglann nó foclóir Uí Dhónaill nó foclóir de Bhaldraithe nó na cinn eile atá ann.

‘Thug mé faoi deara go raibh an ceart iomlán aige. Sin iad na foclóirí is fearr. Níl Béarlachas iontu, só nuair a thosaigh mé ar an bhfoclóir seo, bhí mé ag iarraidh an obair sin uilig a dhéanamh seachas a bheith ag glacadh le Téama.ie nó Focloir.ie. Thosaigh mé amach le Teanglann.ie amháin.

‘Agus le stórchiste, toisc nach n-úsáideann stórchiste ach foinsí níos dúchasacha. D’úsáid mé na leabhair sin amháin chun na téarmaí uilig a chruthú agus is é an aidhm atá agamsa ná Béarlachas a sheachaint.


focloir seathrun
CLICEÁIL ANSEO CHUN ROCHTAIN A FHÁIL AR AN bhFOCLÓIR

CLICEÁIL ANSEO CHUN ROCHTAIN A FHÁIL AR AN bhFOCLÓIR


‘Anois ní cainteoir dúchais mé féin agus mar sin féin is cinnte nach bhfuil an foclóir foirfe ach táim réasúnta sásta a rá go bhfuil dul chun cinn ann ó roinnt téarmaí atá ar fáil ar Téarma.ie.

Caithfimid a bheith ag iarraidh téarmaí a chruthú i gcaoi go tuigtear iad go héasca ag cainteoirí dúchais agus ag daoine le Gaeilge líofa, agus tá an gá leis sin.

Ach saghas tuairim chonspóideach atá agamsa ná mura bhfuil téarma ar fáil i nGaeilge, téarma ríomhfhoghlama b’fhéidir agus mura bhfuil duine ag iarraidh an téarma sin a chumadh, mar shampla, mura bhfuil siad in ann fianaise a fháil ar Teanglann.ie, an tuairim chonspóideach atá agamsa ná gur cheart an téarma sin a fhágáil i mBéarla.

seathrun1

Tá sé  ceart go leor Béarla a úsáid. Má théann tú chuig Inis Oírr, mar shampla, bíonn daoine ag rá uaireanta: ‘Ó táim an bhizí inniu. Tá sé rud beag bizí, you know, úsáideann siad an focal “busy”, you know, tháinig sé ón mBéarla ach tá sé sin ceart go leor.

Deir sé  go bhfuil sé ceart go leor glacadh le téarmaí iasachta. B’fhearr téarmaí i nGaeilge a sheachaint má tá an iomarca Béarlachais ag baint leo. I mBéarla, tá an chuid téarmaí agus focail ón bhFraincis.

‘Má tá tú ag rá “rendezvous”, mar shampla, sin focal an-choitianta ar fad i mBéarla, ach is focal a tháinig ón bhFraincis ar dtús agus tá sé ceart go leor focal iasachta a fháil.

Níl aon fhadhb le sin agus measaim uaireanta mura bhfuil tú in ann focal amháin a fháil, tá sé iomlán ceart go leor focal a fháil ón iasacht agus b’fhéidir focal nua a chumadh as Gaeilge níos déanaí. Ní mheasaim go bhfuil fadhb ar bith leis sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram