

D’fhéadfadh an chéad láithreoir eile de chuid Liveline a bheith ag labhairt go líofa i nGaeilge leis na héisteoirí, tar éis dó a bheith ag craoladh agus ag scríobh sa teanga le blianta.
Agus ní bheidh ar an gcraoltóir nua ar Liveline ach bogadh trasna ó stiúideonna teilifíse RTÉ, tar éis dó teacht chun cinn mar iomaitheoir fabhrach le geallghlacadóirí.
Fágfaidh Joe Duffy Liveline ag deireadh mhí an Mheithimh, rud a chuirfidh deireadh le tréimhse 27 bliain.
Tá an-tóir ar an bpost brabúsach seo ag slua mór tallann craoltóireachta ar mhaith leo a bheith ar Liveline, agus anois tá láithreoir Rose of Tralee, Dáithí Ó Sé, tagtha chun cinn mar an ceannródaí.
Tá an fear ó Chiarraí ag láithreoireacht in éineacht le Maura Derrane ar an seó Today, ar RTÉ a hAon, le breis agus deich mbliana.
Oibríonn sé sa teilifís le TG4 chomh maith, agus tá sé ag cur Rós Thrá Lí i láthair ó 2010 i leith.

Táthar ag tuar go nglacfaidh sé ar Liveline, agus táthar ag súil le fógra ó RTÉ i rith an tsamhraidh.
Dúirt Cal Gildart ó Ladbrokes: ‘Tá Daithí Ó Sé anois ina iomaitheoir don seó Liveline lena bhlianta fada taithí ar RTÉ agus ceapann lucht gealltóireachta go mbeadh sé oiriúnach go foirfe.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.