

Tá naoi leoraí, a bhfuil bia iontu den chuid is mó, ceadaithe ag Iosrael isteach i nGaza, áit a bhfuil níos mó ná 2.3 milliún duine ocrach le 11 seachtaine.
Is lú ná 2% é seo den chúnamh laethúil a bhí ag teastáil sular thosaigh Iosrael a ionsaithe diúracán ar Ghaza.

Ag an am sin, bhí Palaistínigh i nGaza beathaithe go maith agus bhí a soláthar bia agus earnáil talmhaíochta féin acu.
Ní mheastar go ndéanfaidh na naoi leoraí aon difríocht shuntasach don ghéarchéim atá ag cur as don daonra anois.
Dúirt oibrithe cúnaimh go bhfuil gá le 60 leoraí le bia agus cúnamh míochaine gach lá chun daoine a chosc ó bhás a fháil den ocras agus den ghalar.
Chuir Tom Fletcher de chuid na Náisiún Aontaithe fáilte roimh an bhfíric gur ceadaíodh roinnt bia isteach ach dúirt sé gur ‘braon san aigéan’ a bhí ann.
Tar éis míonna d’ionsaithe ag arm Iosrael agus teaicticí ocras i gcoinne mhuintir na Palaistíne ag rialtas Iosrael, tá cáineadh déanta ag roinnt rialtais atá ag tabhairt tacaíocht d’Iosrael.
Tar éis do Netanyahu gealladh a thabhairt go nglacfadh Iosrael ‘smacht’ ar Gaza ar fad, rinne an Bhreatain, an Fhrainc agus Ceanada ráiteas comhpháirteach ag cáineadh a phlean.
Dúirt siad go raibh an chaoi ar chaith Iosrael le muintir Gaza ‘díréireach (disproportionate)’, chuir siad síos ar na coinníollacha i nGaza mar ‘dofhulaingthe (intolerable)’ agus dúirt siad go mbeadh freagairt ‘nithiúil (concrete)’ ann dá leanfadh feachtas Iosrael ar aghaidh.
Dúirt siad: ‘Ní fhanfaimid leis ar leataobh agus rialtas Netanyahu ag leanúint leis na gníomhartha uafásacha seo.
‘Mura scoireann Iosrael den ionsaí míleata athnuaite agus mura n-ardóidh sí a srianta ar chabhair dhaonnúil, glacfaimid tuilleadh gníomhartha ‘nithiúil (concrete)’ mar fhreagra.’
Mar sin féin, ní dúirt siad cad a dhéanfaidís, agus dhiúltaigh Netanyahu dá mbagairt.
Dúirt sé go leanfaidh Iosrael á chosaint í féin’ i nGaza go dtí go mbainfear bua iomlán amach.
‘Tá na ceannairí i Londain, Ottawa agus Páras ag tairiscint duaise ollmhór as an ionsaí cinedhíothaithe ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair agus ag tabhairt cuireadh do níos mó uafáis den sórt sin,’ a dúirt Netanyahu.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.