Na céadta maraithe in ionsaithe Iosraelacha ar ospidéil in Gaza

Tugann na Náisiúin Aontaithe rabhadh gur gá cinedhíothú a chosc in Gaza áit a bhfuil Iosrael tar éis cosc ​​a chur ar bhia agus ar chúnamh dul isteach le seacht seachtaine anuas.

Tá na céadta duine marbh i ndiaidh ionsaithe aeir ag arm Iosrael ar Gaza, agus ar roinnt ospidéil sa cheantar.

Thug ceannaire de chuid na Náisiún Aontaithe rabhadh go bhfuil gníomh láithreach riachtanach chun ‘cinedhíothú a chosc’.

Ar maidin Dé Céadaoin, bhuail buamaí tithe i Jabalia i dtuaisceart Gaza.

Deir Aireacht Sláinte Gaza gur maraíodh 53 duine ar a laghad. Dúirt Ospidéal na hIndinéise gur páistí ab ea 22 díobh.

De réir na heagraíochta Committee to Protect Journalists (CPJ), maraíodh 176 iriseoir ó thús an chogaidh is déanaí, in Gaza, an Bruach Thiar, Iosrael agus an Liobáin
De réir na heagraíochta Committee to Protect Journalists (CPJ), maraíodh 176 iriseoir ó thús an chogaidh is déanaí, in Gaza, an Bruach Thiar, Iosrael agus an Liobáin

Dhiúltaigh arm Iosrael trácht a dhéanamh ar na hionsaithe, seachas a rá gur chreid siad go raibh bonneagar Hamas sa cheantar.

Chomh maith leis sin, bhuail naoi mbuama Ospidéal na hEorpa sa deisceart Dé Máirt, agus maraíodh 16 duine ar a laghad.

Dúirt Tom Fletcher ó Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Cúrsaí Daonnúla gur gá don Chomhairle Slándála ‘gníomhú anois’ chun géarleanúint ollmhór a chosc.

Cháin an tUasal Fletcher Iosrael as ‘drochchoinníollacha daonnúla d’aon ghnó’ a chur ar mhuintir Gaza, trí chabhair a chosc ón limistéar le níos mó ná deich seachtaine anuas.

D’éag iriseoir cáiliúil Palaistíneach, Hassan Aslih, i ndiaidh ionsaí eile ar Ospidéal Nasser i Khan Younis. Bhí sé gortaithe cheana féin ó ionsaí eile.

Deir an Aireacht Sláinte gur maraíodh é agus othar eile san ionsaí sin, agus gur gortaíodh roinnt eile.

Tá ionsaithe ó Iosrael ar iriseoirí atá ag tuairisciú in Gaza agus sa Bhruach Thiar ar siúl i gcónaí, agus bhí iriseoir mór le rá áitiúil gafa acu an tseachtain seo caite. 

Gabhadh Ali al-Samoudi, iriseoir a bhfuil taithí fhada aige leis na meáin sa cheantar, le linn ruathair ag fórsaí Iosraelacha ar theach a mhic i gcathair thuaidh Jenin, sa Bhruach Thiar atá faoi fhorghabháil, go luath Dé Máirt.

De réir na heagraíochta Committee to Protect Journalists (CPJ), maraíodh 176 iriseoir ó thús an chogaidh is déanaí, in Gaza, an Bruach Thiar, Iosrael agus an Liobáin.

Tá ar a laghad 79 iriseoir gafa ag fórsaí Iosraelacha ó mhí Dheireadh Fómhair 2023, agus cúigear ag Údarás na bPalaistíneach.

Dúirt a mhac Mohammed gur ceistíodh Samoudi, atá 58 bliain d’aois, ar feadh leathuaire ag láthair anaithnid, agus gur tugadh chuig ospidéal Iosraelach é níos déanaí de bharr go raibh a shláinte ag dul in olcas.

I mBealtaine 2022, bhí sé ag obair le Shireen Abu Aqla, comhfhreagraí Palaistíneach-Meiriceánach do Al Jazeera, nuair a lámhaigh saighdiúir Iosraelach í ag geata champa teifeach Jenin. Lámhaigh agus gortaíodh Samoudi freisin, sa droim.

Cháin an t-arm Iosraelach Samoudi agus mhaígh siad go raibh sé ‘nasctha leis an eagraíocht sceimhlitheoireachta Islamic Jihad’ agus go raibh amhras ann gur chabhraigh sé le maoiniú a aistriú chuici — ach níor tugadh aon fhianaise ar bith le tacú leis sin.

Shéan a mhuintir na líomhaintí go láidir agus dúirt siad nach raibh sé riamh os comhair cúirte roimhe seo agus ní raibh baint aige le haon ghníomhaíocht mar sin le linn a shaoil ghairmiúil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram