Leanaí ag cur pictiúir pornagrafacha féin-ghinte ar líne

Tá méadú ag teacht ar líon na ndaltaí scoile agus leanaí atá ag glacadh íomhánna gnéis díobh féin – agus tá siad á roinnt

Tá méadú mór tagtha ar ábhar pornagrafach féin-ghinte i bhfiosrúcháin faoi mhí-úsáid ghnéis leanaí, a dúradh i dTeach Laighean.

Mhínigh an Bleactaire Sáirsint Eoin Ó Conaill ón mBiúró Náisiúnta Coireachta Cibear go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaltaí scoile agus leanaí atá ag glacadh íomhánna gnéis díobh féin nó ag cruthú ábhar ‘deepfake’ de chomhscoláirí ag baint úsáide as hintleacht shaorga (AI).

Tá formhór an ábhair á chruthú agus á scaipeadh ag na leanaí féin
Tá formhór an ábhair á chruthú agus á scaipeadh ag na leanaí féin

Dúirt sé go bhfuil rochtain leanúnach ar fhóin chliste agus ar na meáin shóisialta ag cur leis an bhfadhb, agus go bhfuil na híomhánna seo ag éirí ‘coitianta agus á roinnt go forleathan’.

Tháinig na tuairimí seo le linn cur i láthair ó ThinkSmart – eagraíocht a tharraingíonn aird ar thionchar úsáid an idirlín ar mheabhairshláinte leanaí.

Léirigh Sáirsint Ó Conaill go bhfuil roinnt cúiseanna leis an méadú seo ar ábhar féin-ghinte, ina measc athruithe sa reachtaíocht agus easpa tuisceana ag déagóirí go bhfuil sé mídhleathach íomhánna pearsanta daoine eile a shealbhú nó a roinnt. 

‘Tá na ciapadóirí anois i bhfad níos cliste maidir le “grooming” ar líne.

‘Tá sé seo bogtha isteach sa spás digiteach mar go bhfuil ár sochaí ag bogadh ar líne,’ a dúirt sé.

Luaigh sé freisin go bhfuil íomhánna pearsanta á n-úsáid níos minice mar uirlis cibearbhulaíochta.

‘Ag baint úsáid as AI, tá daoine óga in ann grianghraif a athrú nó a mhodhnú – bíodh siad maslach nó pearsanta – agus iad a úsáid chun bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine eile,’ a dúirt sé.

Cé go bhfuil ábhar á fháil fós trí ‘groomáil’ nó ‘catfishing’, dúirt sé go bhfuil formhór an ábhair á chruthú agus á scaipeadh ag na leanaí féin.

Dúirt príomhfheidhmeannach ThinkSmart, Aoife Noone, go bhfuil tuismitheoirí in Éirinn ag déileáil le ‘cogadh digiteach’.

‘Caithfimid gníomhú níos tapa. Tá an traein imithe den stáisiún. Caithfimid í a mhoilliú,’ a dúirt sí.

Ó bhunaigh sí ThinkSmart i nGaillimh in 2022, tá sí ag obair i bpobail ar fud na tíre chun leanaí, mic léinn agus tuismitheoirí a oideachas faoin mbaol atá leis an saol ar líne.

Luaigh Elaine Quinn, teiripeoir do leanaí agus do dhéagóirí, go bhfuil fadhbanna sláinte meabhrach agus iompair ‘ag dul in olcas ar luas nach dtuigimid fiú’.

Dúirt sí: ‘Seo an ghéarchéim a gcaithfimid dul go bun na fírinne léi.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram