Lá Mór na Gaeilge ar siúl Dé Domhnaigh: Bígí beagáinín craiceáilte sa chathair

04/05/2025

Bí tú líofa nó le cúpla focal beidh fáilte mór duit ar Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Agus Lá Mór na Gaeilge ag teacht, ar mhaith leat foghlaim an chaoi is fearr le duine eile a bhualadh? Nó b’fhéidir dorn a thabhairt do bhodhrán?

Bhuel, beidh am agus áit ann don dá rud; agus is é sin Cearnóg Margadh na Feirme (Smithfield), i gcathair Bhaile Átha Cliath, ar an Domhnach seo, 11 Bealtaine.

Tá Lá Mór na Gaeilge, sé sin an fhéile Ghaeilge is mó sa chathair, ar ais arís. Agus taobh amuigh den cheol agus craic beidh an chuid ar siúl.

Lá Mór na Gaeilge
Lá Mór na Gaeilge

Is féidir leat páirt a ghlacadh i gceardlann chun foghlaim conas dornálaíocht a dhéanamh, nó an bodhrán a sheinm nó fiú sean nós a chanadh.

Dúirt Stiúrthóir BÁC le Gaeilge, Mícheál Ó Nualláin: ‘Nascann an Fhéile bhliantúil seo daoine i mBaile Átha Cliath lena teanga dhúchasach.

‘Is ionann téama na bliana seo agus “An Chéad Ghlúin Eile”. Táim ag tnúth go mór leis na himeachtaí atá cruthaithe ag daoine óga ar son daoine óga –  agus iad ar fad saor in aisce  – a fheiceáil.’

Agus gné ar leith de Lá Mór na Gaeilge gach bliain is ea an margadh sráide.

Cuireann gnólachtaí beaga Éireannacha le Gaeilge, ó gach cearn den tír, a gcuid stallaí amach agus díolann siad a gcuid earraí ar Lá Mór na Gaeilge.

Is áit iontach í chun bronntanas a cheannach do dhuine a bhfuil grá agat dó –  nó duit féin.

Gheobhaidh tú go leor earraí –  éadaí, seodra, pictiúir, agus, ar ndóigh, burgairí agus uachtar reoite.

Agus ná bí buartha faoi chaighdeán, cruinneas ná gramadach na Gaeilge, is lá saor é freisin do na múinteoirí agus na cigirí.

Tá sé saor in aisce agus lán le ceol beo, ealaín, cultúr na hóige, spraoi do theaghlaigh agus Gaeilge de gach caighdeán – bí tú líofa nó le cúpla focal.

LA MORE PIC1

Ag labhairt ar son an Ardmhéara na cathrach, dúirt an Comhairleoir Clódagh Ní Mhuirí: ‘Is ócáid iontach é Lá Mór na Gaeilge a léiríonn an Ghaeilge go gach éinne i mBaile Átha Cliath.

‘Le mo thaithí ag freastal ar Lá Mór na Gaeilge roimhe seo, tá sceitimíní orm le feiceáil céard a bheidh ann i mbliana agus le sult a bhaint as an atmaisféar.’

Eagraithe ag BÁC le Gaeilge i bpáirt leis an gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tá Lá Mór na Gaeilge urraithe ag Tesco, le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta.

Cad atá ar siúl?

LA MORE FEAT


🔥 An tArdán Mór Beo – Ceoltóirí Gaeilge den scoth: Burnchurch, IMLÉ, An Chéad Ghlúin Eile agus grúpaí nua eile atá ag briseadh an bhearna idir sean agus nua.
🎸 Cath na mBannaí – Na ceithre bhanna ceoil meánscoile sa bhabhta ceannais ag dul in iomaíocht chun a bheith ainmnithe mar an bhanna is fearr i 2025.
🎨 ‘Splanc’ – Spás Ealaíne – Taispeántas spleodrach le péinteáil múrphictiúir beo, ceardlann puipéad stoca, agus comórtais ealaíne ó scoláirí ar théama na Gaeilge.
💬 Geandáil Ghasta as Gaeilge – Daoine óga idir 12–18 ag bualadh le cairde nua i suíomh suaimhneach, spraíúil.
🥁 Ceardlanna Spraíúla – Bain triail as an mbodhrán, dornálaíoch, amhránaíocht ar an sean-nós agus níos mó – bealaí tumthacha le Gaeilge a fhoghlaim.
🎉 Biongó Craiceáilte – Fuinneamh, ceol, duaiseanna agus craic sa Phuball Ó Ghlúin go Glúin – biongó mar nach bhfaca tú riamh é!
👨‍👩‍👧‍👦 Spás Teaghlaigh – Léirithe sorcais, seónna draíochta, léitheoireacht beo, agus Clinic Leabhar le comhairle do pháistí ó ‘dochtúirí’ léitheoireachta.
🎥 Pictiúrlann Lighthouse – Scannán meánlae do pháistí: Rún Cheanannais Mhóir, agus taispeántas tráthnóna den scannán uafáis nua Fréwaka le plé ó Dr. Kelly Fitzgerald faoi mhiotaseolaíocht agus béaloideas na hÉireann.
🎭 Taispeántais Sráide – Daoine ag slogadh tine, taispeántas sráide, Batman, sonóga – beidh an Chearnóg bheo 
🛍️ Margadh Gnó trí Ghaeilge – Éadaí, seodra, ceardaíocht, táirgí áilleachta agus go leor eile ó dhíoltóirí atá Gaeilge-uilíoch – bí tú líofa nó le cúpla focal.

la gaeilge feat1

Tar éis an lae iomláin, lig do scíth leis an bpobal, bain sult as ceol beo, agus cleachtaigh do chúpla focal ag Pop-Up Gaeltacht i dteach tábhairne The Cobblestone ó 6 i.n., le ceoltóirí traidisiúnta beo agus Amhránaithe an Chlub sa seomra cúil.

Tá gach imeacht saor in aisce, ach tá spás teoranta ag roinnt ceardlann.

Féach ar liosta iomlán na n-imeachtaí ticéadaithe ar Linktree (CLICEÁIL ANSEO)

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag lamornagaeilge.ie agus ar na meáin shóisialta @lamornagaeilge – lean iad le bheith san iomaíocht do dhuaiseanna rialta, iPhone 15 san áireamh!


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram