Lá Mór na Gaeilge, Dé Domhnaigh seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath

30/04/2023

Ar an Domhnach seo (AMÁRACH) beidh Gaeilgeoirí de gach aois agus gach sórt amuigh ag ceiliúradh na teanga i gceartlár Bhaile Átha Cliath le ceol, caint, craic agus ceardlanna ar Lá Mór na Gaeilge.

Beidh Cearnóg Pharnell lán le siamsaíocht ach beidh léirithe, ranganna siamsaíocht agus fiú yogo ar siúl freisin. Tá na heactraí saor in aisce ach ní mór clárú roimh ré. Is féidir leat é sin a dhéanamh le cliceáil anseo.

LaMorna Gaeilge 1e

Agus is cinnte gur lá ceiliúrtha a bheidh ann dóibh siúd nach bhfuil acu ach an cúpla focal nó dóibh siúd atá líofa.

Tá liosta bunúsach na n-imeachtaí ag bun an ailt seo ach le tuilleadh sonraí a fháil faoi Lá Mór na Gaeilge tá liosta iomlán imeachtaí eagraithe ag Baile Átha Cliath Le Gaeilge agus le tuilleadh eolais a fháil téigh chuig:

www.baclegaeilge.ie

Mar aon leis sin léiríonn an físeán gearr seo cad a bheidh ar siúl ag daoine ar an lá mór, sé sin an Domhnach seo, 30 Aibreán, i gCearnóg Parnell, os cionn Shráid Uí Chonaill i lár chathair Bhaile Átha Cliath:

Is ceiliúradh é Lá Mór na Gaeilge ar gach gné den teanga Gaeilge.

Agus seo sliocht gearr as agallamh a thug Erin Mac an tSaoir ó Bhaile Átha Cliath le Gaeilge do Bhlas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4fm, stáisiún raidió Gaeilge Bhaile Átha Cliath atá ar fáil ar aip Raidio na Life agus ar www. raidionalife.ie

Tá an clár iomlán de Blas na Cathrach agus an agallamh iomlán le Erin Mac an tSaoir le cloisteáil ar an podchraoladh ar Soundcloud anseo

Beidh Cearnóg Pharnell dúnta de thrácht le gach saghas taispeántas ar na sráideanna, ar an Ardán Mór agus I Dánlann Hugh Lane agus Club na Club Na Múinteoirí

Idir cheol, cainteanna, craic agus cultúr beidh rud ann do chách ar Lá Mór na Gaeilge.

Mar sin má tá tú iomlán líofa, nó má tá cúpla focal agat – beidh fáilte roimh chách. Ach ná déan dearmad, chun ticéad a fháil caithfear clárú anseo.

Ardán Mór

12:00 – 13:00 Wickerlight
13:00 – 13:30 – Bunscoileanna
13:30 – 14:10 – Cogadh na mBannaí
14:15 – 14:45 – Bandia
15:00 – 16:00 – Tadhg Griffin
16:00 – 17:00 – Céilí Sráide le Len Collective

Dánlann Hugh Lane

12:00 – 13:00 Ceardlann Amhránaíochta le Tadhg Griffin
13:00 – 14:00 Agallamh le Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoí faoi An Cailín Ciúin
14:00 – 15:00 Ceardlann ar na Meáin Shóisialta
14:00 – 15:00 Siúlóid Staire le Lorcan Collins & Cuan Ó Seireadáin
15:00 – 16:00 Siúlóid Staire le Lorcan Collins & Cuan Ó Seireadáin
15:00 – 16:00 Ceardlann Lámhscríbhinn

 Club Na Múinteoirí

12:00 – 13:00 “Try the Pipes” le Na Píobairí Uilleann
13:00 – 14:00 Filíocht Brendán Ó Beachán le Roxanna Nic Liam
13:00 – 14:00 Ceardlann Yog le Óga Yoga
14:00 – 15:00 Amhránaíocht ar an Sean-Nós le Aodán Ó Ceallaigh
14:00 – 15:00 Bunús ar an mBodhrán le Bodhrán Buzz
14:00 – 15:00 Nua agus Sean-Nóis Cathrach le Des Geraghty
15:00 – 16:00 Damhsa Sean-Nós le Tura Aruturo

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram