Dominic West fós ag fanacht ar shaoránacht Éireannach

29/04/2025

Ag labhairt dó ar Newstalk le déanaí, dúirt Dominic go bhfuil sé ag iarraidh saoránachta Éireannaigh le tamall maith.

Tá an t-aisteoir clúiteach Dominic West, atá pósta le Catherine FitzGerald ó Luimneach, ag streachailt agus é ag iarraidh saoránachta Éireannaigh a fháil – in ainneoin a cheangail láidre le hÉirinn.

Tá Dominic, atá 55 bliain d’aois, cáiliúil as a róil sa tsraith The Wire agus The Crown.

Phós sé Catherine in 2010 ag Glin Castle i gContae Luimnigh. Tá ceathrar páistí acu le chéile, Dora, Senan, Francis agus Christabel. Tá iníon eile ag Dominic, Martha, ó ghaol roimhe seo.

Dominic West
Dominic West

Tá an teaghlach ag roinnt a gcuid ama idir Londain agus Luimneach. Is í Catherine oidhre Glin Castle, áit a raibh a hathair, Desmond FitzGerald, mar an 29ú Ridire.

Tar éis bhás Desmond, rinne an teaghlach iarracht an caisleán a dhíol, ach níor éirigh leo. Mar sin, cheannaigh Catherine agus Dominic é, i gcomhar lena deirfiúracha.

Úsáideann an teaghlach an caisleán anois mar ionad ócáidí agus óstán. Dúirt Dominic gur dhiúltaigh a mháthair chéile, Olda, cead fanachta do Kim Kardashian ann tráth a bhí sí ag dul ar mhí na meala le Kanye West.

D’fhan siad ina dhiaidh sin in óstán cúig réalta i Laois – Ballyfin Demesne.

Ag labhairt dó ar chlár Anton Savage ar Newstalk, dúirt Dominic go bhfuil sé ag iarraidh saoránachta Éireannaigh le tamall maith.

In ainneoin a ghrá don tír, a theaghlach Éireannach, agus a chuid ama i Luimneach, níl rath air fós leis an bpróiseas.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram