Eamon Farrell, athair le Colin agus iar-imreoir le Shamrock Rovers, ar shlí na fírinne

10/04/2025

Bhí cáil ar Eamon mar pheileadóir rathúil sna 1960idí agus bhuaigh sé Corn FAI le Shamrock Rovers

Tá go leor daoine tar éis ómós a thabhairt do Eamon Farrell, iar-imreoir le Shamrock Rovers agus athair an aisteora Colin Farrell, a fuair bás Dé Céadaoin.

De réir na fógra báis, fuair sé bás ‘go síochánta tar éis tinnis fhada a thug sé go cróga’.

image 42
Pic: John Sciulli/Getty Images for mediaplacement entertainment inc

Fágann sé ina dhiaidh a bhean chéile Eileen, a pháistí Eamon, Catherine, Claudine agus Colin, chomh maith le Rita agus a chlann chéim William, Keith, Sandra, Aidan, Deboral, Ciaran agus Gary.

Beidh aifreann sochraide Eamon ar siúl maidin Dé Sathairn i mBaile Munna, Baile Átha Cliath, ag 10rn sa séipéal Our Lady of Victories.

Eamon Farrell
Eamon Farrell

Bhí cáil ar Eamon mar pheileadóir rathúil sna 1960idí, agus d’imir sé le Shamrock Rovers lena dheartháir Tommy.

Chuaigh sé isteach sa chlub i 1960 nuair a bhí sé 18 bliain d’aois, ó Home Farm.

Bhí sé mar leathchúlaí agus d’imir sé d’fhoireann Mhionúir agus do Scoileanna na hÉireann.

Bhuaigh sé an Corn FAI i 1962 in éineacht lena dheartháir os comhair 32,000 duine.

Beidh sé curtha i ndiaidh an tsochraide Dé Sathairn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram