

Tá $31 billiún caillte ag Elon Musk ó d’fhógair Donald Trump taraifí idirnáisiúnta atá ag ardú praghsanna i Meiriceá agus ar fud an domhain.
Anois tá ionsaí déanta ag Musk ar an gcomhairleoir is dílse de chuid Trump, Peter Navarro, i sraith maslaí pearsanta ar an suíomh meáin shóisialta atá ar úinéireacht aige, X.
In ionsaí a fheictear mar ionsaí ar bheartais taraife Trump, dúirt Musk go bhfuil Navarro ‘dumber than a sack of bricks’.
Anois tá scoilt mhór laistigh den ghrúpa comhairleoirí is muiníneach atá ag Trump, de réir tuarascála sa New York Times.

Táthar ag súil go bhfágfaidh Musk, an fear is saibhre ar domhan, grúpa comhairleoirí Trump go luath mar gheall ar an teannas, agus freisin toisc gurb é Navarro an fear atá taobh thiar de phleananna trádála agus taraife Trump.
Tá an teannas i measc chomhairleoirí Trump ann le laethanta, ní mar gheall ar na praghsanna níos airde agus cailleadh post – ach toisc go bhfuil go leor de na daoine is saibhre i Meiriceá ag cailleadh brabúis.
Meastar gur chaill Musk $31 billiún ó d’fhógair Trump a chuid taraifí ar thíortha iasachta an 2 Aibreán, de réir Innéacs Bloomberg Billionaires.
Thosaigh an teannas le Navarro nuair labhair sé le CNBC faoi chuideachta Musk, Tesla.
Dúirt sé nach déantóir gluaisteán é Tesla, níl ann ach cuideachta a chuireann gluaisteáin le chéile. Sé sin, nach ‘manufacturer’ é ach ‘assembler’.
Bhí Musk ar buile le sin agus ar an Máirt, ar X, ghlaoigh sé ‘moron’ ar Navarro agus dúirt go raibh sé ‘níos bailbhe ná saic brící’.
Níos déanaí dúirt sé go raibh sé ag iarraidh ‘a leithscéal a ghabháil le brící’ as an chomparáid a dhéanamh.
‘Bhí sé sin éagórach le brící,’ a dúirt sé. Agus i dtrácht aineolach agus páistiúil, thug sé ‘Peter Retarrdo’ ar Navarro.
Bhí Navarro ina oifigeach sinsearach ar thrádáil le linn chéad téarma Trump mar uachtarán agus d’fhan sé dílis don uachtarán.

Chuaigh sé i bpríosún ar feadh ceithre mhí as diúltú fianaise a thabhairt san imscrúdú ar ionsaithe ar an rialtas i Washington ar 6 Eanáir, 2021.
Chaith Elon na céadta milliún dollar chun tacú le hatoghadh Trump ach tá imní air faoi na taraifí atá ag déanamh dochair dá bhrabúis féin.
Dúirt sé nár cheart go mbeadh aon taraifí idir Meiriceá agus an Eoraip.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.