

An aimsir i gcoitinne: Fanfaidh sé socairdon chuid eile den tseachtain le neart solais na gréine.
An aimsir don Mháirt
Glanfaidh ceo agus ceobhráin maidin Dé Máirt agus lá tirim grianmhar a bheidh ann. Teocht is airde 14 go 19 gcéim, is fuaire in aice leis an gcósta theas agus thoir mar gheall ar ghaoth éadrom. Oíche Mháirt: Tirim agus glan le ceo agus ceobhráin. An teocht is ísle 2 go 6 céim le gaoth éadrom
An aimsir don Chéadaoin
Tirim agus grianmhar le teochtaí is airde 14 go 19 gcéim, is fuaire feadh an chósta thoir mar gheall ar ghaoth éadrom.
Oíche Chéadaoin: Tirim agus socair le ceo agus ceobhráin. Teocht is ísle 2 go 6 céim.
An aimsir don Déardaoin
Lá tirim, socair agus grianmhar le teocht is airde 16 go 19 céim.
Oíche Déardaoin: Tirim le ceo, go háirithe ar an taobh theas den tír. Teocht is ísle 4 go 7 gcéim.

An aimsir don Aoine
Glanfaidh ceo ó fhormhór na gceantar ar maidin ach d’fhéadfadh sé fanacht in aice le roinnt cóstaí. Lá eile tirim agus grianmhar le teocht idir 14 agus 19 gcéim, is fuaire san iarthuaisceart le gaotha éadroma.
An Deireadh Seachtaine: Faoi láthair tá an chuma ar an scéal gur lá tirim den chuid is mó a bheidh ann Dé Sathairn, ach níos scamallaí ná i rith na seachtaine. Ceathanna agus laghdú beag ar an teocht ar an Domhnach, b’fhéidir.
Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast
Drochaimsir = Bad weather
Báisteach = Rain
Ceo = Fog
Ceobhráin = Mist or drizzle
Brádán báistí = Drizzle
Múraíl báistí = Showers of rain
Sneachta = Snow
Flithshneachta = Sleet
Clocha sneachta = Hailstones
Faoi bhun an reophointe = Freezing
Sioc = Frost
Tréimhsí Gréine = Sunny spells
Ráigeannaí báistí = Bursts of rain
An ghaoth aduaidh = The wind from the north
An ghaoth aneas = The wind from the south
An ghaoth aniar = The wind from the west
An ghaoth anoir = The wind from the east
An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest
An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.