Múinteoirí neamhcháilithe i mbeagnach gach bunscoil

300 áit bhreise in aghaidh na bliana ar chúrsaí oideachais múinteoirí á lorg mar gheall ar na fadhbanna sa chóras

Bhí múinteoirí neamhcháilithe fostaithe ag beagnach gach bunscoil sa tír sa scoilbhliain seo caite, a léirigh figiúirí nua.

D’fhostaigh 98% de bhunscoileanna na hÉireann (3,029) daoine neamhcháilithe sa scoilbhliain 2023/2024.

Is cúis mhór imní na staitisticí, dar le ceardchumainn na múinteoirí, a dúirt gur cuimhneachán lom iad ar an nganntanas foirne atá ann faoi láthair.

Tháinig an t-eolas chun cinn ar 7 LÁ, an clár cúrsaí reatha ar TG4. Tháinig na figiúirí  ón Roinn Oideachais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tá an CMÉ ag iarraidh 300 áit bhreise in aghaidh na bliana ar chúrsaí oideachais múinteoirí gach bliain
Tá an CMÉ ag iarraidh 300 áit bhreise in aghaidh na bliana ar chúrsaí oideachais múinteoirí gach bliain

Léirigh siad go raibh 13,540 duine neamhcháilithe fostaithe i mbun múinteoireachta i scoileanna na hÉireann sa bhliain 2024.

 De réir na bhfigiúirí:

  • Fostaíodh daoine neamhcháilithe i 98% de bhunscoileanna na hÉireann (3,029) anuraidh.
  • Fostaíodh 8,883 duine neamhcháilithe sna bunscoileanna.
  • Fostaíodh daoine neamhcháilithe i 65% d’iar-bhunscoileanna (472).
  • Fostaíodh 4,657 duine neamhcháilithe sna hiar-bhunscoileanna.
  • Fostaíodh 13,540 duine neamhcháilithe ar fad i 3,501 i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na hÉireann i rith na scoilbhliana 2023/2024.

Dúirt John Boyle, Ard-Rúnaí an CMÉ (INTO): ‘Éilíonn scála na géarchéime seo freagairt phráinneach, uile-rialtais.

‘Mura ndéanann an Rialtas beart anois, fulaingeoidh níos mó leanaí cur isteach ar a gcuid foghlama, beidh ualach iomarcach ar na múinteoirí atá fanta i mbun an chúraim, cuirfear níos mó ceannairí scoile go deireadh na feide, agus beidh oideachas bunscolaíochta agus oideachas speisialta in Éirinn go mór i mbaol.’

Ta an scéal iomlán ar fáil ar Seinnteoir TG4 ANSEO
Ta an scéal iomlán ar fáil ar Seinnteoir TG4 ANSEO

Ta an scéal iomlán ar fáil ar Seinnteoir TG4 ANSEO

Tá an CMÉ ag iarraidh 300 áit bhreise in aghaidh na bliana ar chúrsaí oideachais múinteoirí gach bliain go dtí go sáraítear an ghéarchéim.

Dúirt siad: ‘Is ábhar buartha ag an CMÉ an tuairisc faoi líon suntasach ionadaithe neamhcháilithe a raibh freagracht orthu as an churaclam a theagasc i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta i rith na scoilbhliana 2023/24.

‘Is léiriú eile fós seo ar an ngéarchéim leanúnach a fhágann na scoileanna go mór faoi bhrú. ‘

Teacher Shortages 3

 Is é a éilíonn an CMÉ: 

  • 300 ionad breise in aghaidh na bliana ar chúrsaí tosaigh oiliúna go dtí go leigheastar an ghéarchéim.
  • Coimisiún náisiúnta maidir leis an soláthar múinteoirí.
  • Freagra gan mhoill ón Rialtas maidir leis na gearáin a chuir an ceardchumann faoi bhráid faoin bpróiseas margála áitiúil a thagann faoi scáth an chomhaontaithe seirbhíse poiblí reatha.
  • Feachtas earcaíochta idirnáisiúnta saindírithe d’fhonn múinteoirí oilte as Éirinn a thabhairt ar ais abhaile.
  • Beart práinneach maidir le cúrsaí tithíochta, leis an gcostas maireachtála agus le coinníollacha oibre d’fhonn múinteoirí atá ag obair faoi láthair a choinneáil i mbun an chúraim.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram