Pax Trump: Tá fadhb mhór leis agus Meiriceá ar buile le Zelensky ach níl aon bhrú ar Putin

Comhráite faoin gCogadh san Úcráin ach is iad Donald Trump agus Vladimir Putin atá ag an Tábla, a deir Mark Almond

Mar a dúirt taidhleoir cliste Meiriceánach uair amháin: ‘Mura bhfuil tú ag an tábla, tá tú ar an mbiachlár.’ Cad atá ag tarlú le teoiric Pax Americana faoi Donald Trump

Nuair a shuigh polaiteoirí ón dTeach Bán agus an Kremlin síos chun cainteanna a dhéanamh faoin Úcráin, ní raibh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, ná aon cheannaire Eorpach eile páirteach sa chruinniú sin.

Mar sin, d’fhéadfadh sé go raibh Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, agus ceannaire na Rúise, Vladimir Putin, ag plé conas síocháin a bhaint amach a bheadh fóirsteanach dóibh féin.

Putin agus Trump
Putin agus Trump

Sampla amháin de seo is ea nach ndeachaigh an Kremlin chomh fada le sos comhraic iomlán 30 lá a aontú.

Tá airm na hÚcráine tar éis áiseanna ola agus stáisiúin leictreachais a bhualadh go domhain laistigh den Rúis, rud a chuireann brú ollmhór ar réimeas Putin.

Tá an fhianaise ann go bhfuil an ‘oibríocht mhíleata speisialta’ ag dul in olcas, in ainneoin na scéalta atá á scaipeadh ar na meáin sa Rúis.

Ar ndóigh, gheobhaidh an Úcráin buntáiste éigin ón sos cogaidh páirteach seo. Ach ní bheidh aon mhaolú ar an gcath fíochmhar sna bailte agus sna trinsí ar an líne thoir.

Ní bheidh aon stad leis an ionsaí ar shaighdiúirí na hÚcráine. Leanfaidh an cogadh fuilteach ar aghaidh.

Níl sé soiléir cad iad na pionóis a chuirfear ar an Rúis má bhriseann sí an comhaontú maidir le hionsaithe ar fhoinsí fuinnimh.

Ach tá sé cinnte go mbeidh praghas ard ar an Úcráin as aon mhainneachtain cloí leis.

Tá Trump tar éis faisnéis mhíleata a choinneáil siar ó Úcráin uair amháin cheana féin.

Dá gcuirfeadh an tír teorainn le húsáid airm ar nós diúracáin ATACMS agus eitleáin F-16, bheadh tionchar ollmhór aige sin ar an Úcráin.

Ina theannta sin, tá mórán den trealamh míleata ón Eoraip déanta sna Stáit Aontaithe agus d’fhéadfaí é a chur ó rath má roghnaíonn Trump sin a dhéanamh.

Ní hé sin an t-aon rud a d’fhéadfadh an Úcráin a lagú. Tá Putin tar éis coinníollacha dian a leagan síos le haghaidh síochána buana, lena n-áirítear deireadh iomlán a chur le cúnamh míleata ón iasacht. Dá nglacfaí leis seo, bheadh an Úcráin i mbaol mór.

Beidh idirbheartaíochtaí ag tosú go luath, ach ní fios go fóill cé hiad na daoine a bheidh i láthair seachas taidhleoirí Meiriceánacha agus Rúiseacha.

Ceist mhór anois ná cé mhéad atá Meiriceá sásta géilleadh do Mhoscó i malartú ar chomhoibriú sa Mheánoirthear.

Le linn glaoch 90 nóiméad inné, d’aontaigh Trump agus Putin nach mbeadh ar chumas na hIaráine Iosrael a scriosadh.

Pléadh freisin smaoineamh a bhí ag Putin maidir le cluiche haca oighir siombalach a eagrú idir an Rúis agus na Stáit Aontaithe, mar mhodh taidhleoireachta cosúil le ‘diplomatic ping-pong’ an 1970idí.

Le linn an tsosa cogaidh seo, tá Putin ag súil go dtiocfaidh níos mó brú ar Zelensky óna chuid cáinteoirí sa bhaile.

Tá daoine áirithe ag maíomh go bhfuil Zelensky ag géilleadh do Mheiriceá tar éis dó a bheith náirithe san Oval Office, agus deir daoine eile go bhfuil sé ag síneadh an chogaidh amach.

Idir an dá linn, níl de rogha ag an Eoraip ach breathnú ar imeachtaí gan a bheith ag an mbord idirbheartaíochta, áit atá Donald Trump i gceannas.

Scríofa ag Mark Almond atá ina stiúrthóir ar an ‘Crisis Research Institute’ in Oxford. Aistriúchán: Bill Breathnach


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram