

Chuir an Teachta Dála Barra Ó hÉineacháin iontas ar dhaoine nuair a bhí sé le feiceáil ar an gclár‘Grá ar an Trá’.
Tugann an seó seans do dhaoine aonta grá a aimsiú sa Ghaeltacht agus ‘cúpla focal’ a fhoghlaim.
Áfach, cuireadh an tsraith is déanaí ar athlá de bharr gur sheas an láithreoir Gráinne Seoige mar iarrthóir d’Fhianna Fáil san olltoghchán anuraidh, an t-am céanna a raibh Barra ina sheasamh.
Freisin, tharraing an seó conspóid nuair a tugadh le fios gur ciontaíodh Michael Prendeville, iomaitheoir ar an gclár, as cúiseanna a bhain le hionsaí ar bhean.

Cé nár éirigh le Gráinne an Dáil a bhaint amach, bhí rannpháirtí eile ar an gclár in ann suíochán a fháil dó féin, Barra.
Toghadh Barra Ó hÉineacháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh san olltoghchán deireanach – agus bhí sé le feiceáil ar an seó oíche Dé Máirt.
D’fhógair Barra go mbeadh sé ag glacadh páirt ar an gclár sular toghadh é go Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus rinne scannánaíocht don chlár dhá lá tar éis a toghadh é.
Dúirt Barra freisin go raibh sé mar láithreoir le TG4 sular éirigh leis suíochán a bhaint amach sa Dáil – ‘Ar cheap mé riamh go mbeinn i mo TD? Níor cheap. An bhfuil aiféala orm? Níl.
‘Bhí an craic thar cionn agus beidh ort breathnú ar an gclár le fáil amach ar éirigh linn grá a aimsiú,’ a dúirt Barra.
Ghlac Michael Prendeville páirt ar an gclár freisin ach ní bheidh sé le feiceáil de bharr gur ciontaíodh é as ucht ionsaí a dhéanamh ar bhean in óstán.
Ghlac Prendeville páirt freisin ar an gclár ‘Love in the Country’ ar RTÉ.
Ciontaíodh é i gCúirt Dúiche an Neidín i 2022.
I ráiteas, d’fhógair Virgin Media nach mbeidh sé le feiceáil ar an gclár ‘Grá ar an Trá’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
