An Rúis: An spiaire é Trump do Putin? Tá daoine in MI6 buartha faoi

Agus Trump ag cáineadh Zelensky, ag moladh Putin agus ag ligean do na Rúisigh a gcuid ama a thógáil thar na cainteanna síochána, tá rialtais an Iarthair buartha

Deir foinsí is seirbhís fhaisnéise na Breataine go bhfuil Donald Trump róghar don Rúis agus nach féidir leo ‘a bhfaisnéis a roinnt leis na Stáit Aontaithe anois’.

Dúirt siad: ‘Tá an chontúirt ann go bhfuil ár n-acmhainní i mbaol. Tá Trump róghar le Putin.

‘Taobh istigh sa tseirbhís, síltear go bhfuil an fhéidearthacht ann go bhféadfadh sé a bheith ina ghníomhaire.’

Thaispeáin tuairisc Robert Mueller i 2019 go ndearna an Rúis iarrachtaí cur isteach ar an toghchán uachtaránachta i 2016 le cuidiú le Trump.

Ach ní raibh a dhóthain fianaise ann a thaispeáin go raibh comhoibriú ar siúl idir feachtas Trump agus an Kremlin.

‘Tá an chontúirt ann go bhfuil ár n-acmhainní i mbaol. Tá Trump róghar le Putin'
‘Tá an chontúirt ann go bhfuil ár n-acmhainní i mbaol. Tá Trump róghar le Putin’

Tá an chuma ar an scéal gur tharraing Trump aird ó fhaisnéis na Sóivéadach sna 1970idí, nuair a phós sé Ivana Zelnicko as an tSeicslóvaic.

Bhí an Cogadh Fuar ar siúl ag an am, agus rinne seirbhís fhaisnéise na Seice – an StB – tuairisc air.

Blianta dár gcionn, bhain Trump clú agus cáil amach mar fhear gnó agus bailíodh eolas faoi. Tuigtear gur roinneadh an t-eolas leis an KGB.

Ag an am seo, dar leis an leabhar ‘The Art of the Deal’ a scríobh Trump, fuair sé litir ón ambasadóir Sóivéadach Yuri Dubinin, Mí Eanáir 1987.

Thug an litir cuireadh do Trump taisteal chuig an Rúis le freastal ar chruinnithe chun óstán nua a thógáil sa Chearnóg Dhearg i Moscó.

Dúirt triúr iaroifigeach faisnéise ón KGB gur bhain na Sóivéadaigh úsáid as Trump.

Ach ní raibh siad in ann cruthúnas ar bith a thabhairt chun na líomhaintí seo a fhíorú. Deir Trump agus a lucht tacaíochta gur bréag sheafóideach atá ann.

Trump le Zelensky
Trump le Zelensky

Áfach, cé nár léirigh sé suim ar bith i gcúrsaí eachtracha roimhe sin, chaith Trump os cionn $94,801 i 1987 chun trí fhógra a cheannach sna New York Times, Washington Post and Boston Globe. Dúirt an fógra: ‘Why America should stop paying to defend countries that can afford to defend themselves.’

Ansin, i 2025, d’fhógair Trump go raibh fonn air a bheith ina Uachtarán, Dúirt tuairisc Mueller go ndearna an Rúis iarracht ar leith cur isteach ar an bhfeachtas toghchánaíochta i 2016 le cuidiú leis.

Rinne sé cur síos chomh maith ar an teagmháil a bhí ann idir oifigigh i bhfeachtas Trump agus i rialtas na Rúise.

Ar an 9ú Meitheamh, 2016 bhí cruinniú míchlúiteach i Trump Tower idir Donald Trump Óg, Jared Kushner, Paul Manafort agus ‘stocairí’ Rúiseacha. Mhaígh siad go raibh eolas acu faoi Hillary Clinton.

Mhaígh Trump níos déanaí nár bhaineadh úsáid as an ‘taighde’ seo agus nach ndearnadh teagmháil leis na ‘stocairí’ seo riamh arís.  

In ainneoin seo, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an Rúis sásta gur toghadh Trump mar uachtarán arís.

Mar a dúirt urlabhraí an Kremlin Dmitry Peskov: ‘Tá an rialtas nua ag athrú a pholasaí eachtrach go mór agus bíonn sé seo ag teacht leis an dearcadh atá againne.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram