Musk: Ba chóir do Mheiriceá na Náisiúin Aontaithe agus NATO a fhágáil

06/03/2025

Tá Elon Musk ag fáil níos mó cumhachta le X ar na meáin shóisialta agus anois tá sé ag iarraidh go bhfágfadh Meiriceá NATO agus na Náisiúin Aontaithe

Tá Elon Musk tar éis a rá le déanaí gur chóir do na Stáit Aontaithe na Náisiúin Aontaithe agus NATO a fhágáil.

Dúirt an tráchtaire Meiriceánach Gunther Eagleman ar na meáin shóisialta, ‘Tá sé in am NATO agus na Náisiún Aontaithe.’ Mar fhreagra ar an ardán ‘X’, dúirt Musk ‘Aontaím’.

Tá Musk i gceannas ar an rannóg ‘DOGE’ i Meiriceá, agus é mar sprioc aige cur amú airgid an rialtais a laghdú de réir dealraimh.

Elon Musk
Elon Musk

Roinn Musk teachtaireacht ón bpolaiteoir Poblachtánach Thomas Massie nuair a dúirt sé gur ‘iarsma ón gCogadh Fuar’ é NATO.

Tá neart polaiteoirí ón bpáirtí Poblachtánach tar éis a rá le déanaí gur chóir don tír an dá eagraíocht idirnáisiúnta a fhágáil agus aontaíonn siad le Musk.

Dúirt an Seanadóir Mike Lee go dtugann NATO ‘margadh iontach don Eoraip’ ach ‘drochmhargadh atá ann do Mheiriceá.’

Cé nach bhfuil Trump tar éis a rá amach os ard gur chóir do Mheiriceá an chomhghuaillíocht tras-Atlantach a fhágáil, luaigh sé cheana go mbíonn an eagraíocht aontaobhach, agus tá tionchair mór ag Musk air.  

Dúirt sé le tuairisceoirí nár cheap sé go raibh sé fiúntach airgead a chaitheamh ar NATO – mar bhí na Stáit Aontaithe ag déanamh cosanta ar thíortha áirithe ach ní raibh na tíortha sin ‘ag déanamh cosanta orainne.’

Rinne Uachtarán Mheiriceá géarcháineadh ar thíortha eile san Eoraip mar theastaigh uaidh go méadóidís an t-airgead a bhí a chaitheamh acu ar an gcosaint.

Dúirt foireann an Uachtaráin le hoifigigh san Eoraip go mbeidh ar thíortha Eorpacha i NATO an sprioc atá le 2% den GDP a chaitheamh ar an gcosaint a mhéadú faoi dhó, agus tá Musk i gcónaí ag lorg bealaí chun caiteachas a laghdú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram