

Tá an Roinn Sláinte agus an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) tar éis aip nua de chuid an HSE a sheoladh agus tá sé ar fáil i nGaeilge.
Cuirfidh sé tús le ré nua do chúram sláinte poiblí in Éirinn, agus beidh an pobal in ann a gcúram sláinte a bhainistiú ar bhonn digiteach don chéad uair riamh.
Seo thíos an t-eolas is tábhachtaí faoi, le go mbeifeá in ann úsáid a bhaint as an fhorbairt seo.

CÉ ATÁ IN ANN ÚSÁID A BHAINT AS?
Is féidir le duine ar bith os cionn 16 bliain d’aois é a íoslódáil ó Google Play nó an App Store.
Tá an chéad leagan den aip ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, mar sin féin beidh sé ar fáil i dteangacha eile go luath.
Táthar ag súil leis go bhféadfadh sé a bheith ina chuidiú mór do mháithreacha atá ag súil agus do mhná i gcoitinne.
Beidh mná atá ag iompar clainne in ann a gcoinní máithreachais a fheiceáil ar an aip nua, agus baineadh triall as an gcóras seo cheana le máithreacha in Ospidéal Ollscoile Chorcaí.
CÉARD IS FÉIDIR LEIS AN AIP NUA A DHÉANAMH DOMSA?
Ligfidh sé don gnáth baill den phobal neart rudaí a dhéanamh, ina measc gheobhaidh daoine
liosta digiteach de na leigheasanna atá á úsáid acu agus na leigheasanna a fhaigheann siad leis an Scéim Íocaíochta Drugaí nó an Cárta Leighis chomh maith.
Beidh daoine in ann Cárta Árachais Shláinte na hEorpa a stóráil ar an bhfón freisin leis an aip in éindí le cártaí leighis eile.
Déanfar taifead freisin ar na hinstealltaí a fhaigheann daoine i gcomhair an fhliú agus Covid-19, agus a mbeidh ar fáil acu.
Chomh maith leis sin, gheobhaidh daoine uasdátaithe maidir le
seirbhísí an HSE cosúil le rannóga éigeandála.
CÉN CHAOI GUR FÉIDIR LE DAOINE LOGÁIL ISTEACH
Ar an chéad dul suas, le logáil isteach, tá cuntas MyGovID ag teastáil.
Cinntíonn sé seo go bhfuil an HSE ag tabhairt eolais shláinte chuig an duine ceart.
Mura bhfuil cuntas MyGovID agat, beidh tú in ann é úsáid fós, ach díreach le haghaidh eolas ginearálta faoi chúrsaí sláinte agus seirbhísí an HSE.
Ag labhairt di ag seoladh an aip, dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill: ‘Beidh sé níos éasca do gach duine anois úsáid a bhaint as an tseirbhís sláinte.
‘Tá an HSE ag obair le comhghleacaithe ar fud fad an rialtais le go mbeadh Aip Shláinte an HSE mar chuid de Sparán Digiteach an Rialtais.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.