An aimsir Dé Céadaoin: Beidh sé gaofar, a deir Met Éireann

An aimsir: Le naisc (links) chuig nuashonruithe (updates) ar líne

An aimsir i gcoitinne: Beidh sé gaofar le ceathanna níos déanaí sa tseachtain agus ag an deireadh seachtaine.

An aimsir Dé Céadaoin

Tar éis oíche ghaofar Dé Máirt, leanfaidh an ghaoth láidir Dé Céadaoin le gaotha úra thiar theas den chuid is mó.

Ag fanacht níos scamallaí trasna ceantair thiar agus iarthuaisceart, le báisteach agus ceobhrán níos déanaí. Mar sin féin, in áiteanna eile fanfaidh sé tirim le tréimhsi grianmhara. Beidh aimsir shéimh ann don am seo den bhliain le teocht is airde de 10 go 13 céim.

Oíche Chéadaoin: Bheith sé beagáinín gaofar um thráthnóna agus gaotha sa oirthear ag teacht chun cinn.

Scamaill freisin le ráigeanna báistí agus ceocháin feadh chontaetha an iarthair agus an tuaiscirt. Tirim  in áiteanna eile agus roinnt sosanna soiléire ag forbairt sa deisceart agus san oirthear le teochtaí is ísle de 3 go 6 céim.

An aimsir Déardaoin

Meascán de thréimhsí scamallacha agus téimhsí grianmhara ón maidin ach beidh cúpla cith san iarnóin ag leanúint ar aghaidh go dtí an tráthnóna. Beidh gaotha an deiscirt úr uaireanta freisin agus beidh na teochtaí is airde de 11 go 14 céim.

Oíche Déardaoin: Tá oíche shéimh i ndán dúinn ach ag éirí measartha scamallach freisin le ráigeanna báistí agus ceobhrán i ngaoth éadrom ó dheas. Is ar fud chontaetha an iarthair is mó a bheidh an bháisteach. Teocht is ísle de 6 go 8 gcéim.

Foclóir aimsire

Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast

Drochaimsir = Bad weather 

Báisteach = Rain

Ceo = Fog

Ceobhráin = Mist or drizzle

Brádán báistí = Drizzle

Múraíl báistí = Showers of rain

Sneachta = Snow

Flithshneachta = Sleet

Clocha sneachta = Hailstones

Faoi bhun an reophointe = Freezing

Sioc = Frost

Tréimhsí Gréine = Sunny spells

Ráigeannaí báistí = Bursts of rain

An ghaoth aduaidh = The wind from the north

An ghaoth aneas = The wind from the south

An ghaoth aniar = The wind from the west

An ghaoth anoir = The wind from the east

An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest 

An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram