Glór Ár Linne: Deis iontach do cheoltóirí na todhchaí

16/03/2025

Mar chuid den scéim Glór Ár Linne cuirfear sé mhí de cheardlanna le saineolaithe earnáil an cheoil ar fáil do cheoltóirí óga

Agus an oiread sin ceoltóirí agus bannaí óga ag teacht chun cinn faoi láthair is iontach an t-am é chun a gcuid talann a thaispeáint – agus sin an rud atá ag tarlú le Glór Ár Linne.

Tá muintir Raidió Rí-Rá ag lorg na ceoltóirí óga agus ag eagrú gigeanna rúnda timpeall Bhaile Átha Cliath.

An tseachtain seo caite chuir siad ceol ar fáil in ionaid neamhghnácha timpeall na cathrach, ó ghairdín lus go siopaí búistéara.

Bhí siad ag seoladh Glór Ár Linne  do bhannaí agus ceoltóirí Gaeilge.

Aisling Moran
Aisling Moran

Tá sé mar aidhm ag Glór Ár Linne, faoi stiúir Raidió Rí-Rá i gcomhpháirt le hÉire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, glúin nua ceoltóirí Gaeilge a mhúnlú le cúrsa meantóireacht agus rochtain ar spásanna cruthaitheacha, len iad a fháil faoi réir le casadh ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi shamhradh 2025.

Mar chuid den scéim Glór Ár Linne cuirfear sé mhí de cheardlanna le saineolaithe earnáil an cheoil ar fáil do rannpháirtithe –  maidir le scríbhneoireacht, taifead, taibhléiriú, agus cúrsaí margaíochta –  chomh maith le deiseanna comhoibre agus rochtain ar stiúideo agus mol cruthaitheach ar feadh na tréimhse.

Tabharfar an deis ansin do bhannaí agus ceoltóirí a gcuid ceoil a léiriú os comhair sluaite ag féilte agus ceolchoirmeacha in Éirinn agus thar sáile, Féile na Gealaí agus Electric Picnic san áireamh, ag súil go dtógfaí ar an mborradh atá faoi cheol agus cultúr Gaelach le tamall anuas a bhuí le leithéidí Kneecap, Réabh 1916 agus Huartan.

Agus é ag labhairt mar gheall ar rath atá ar Kneecap in agallamh le Joe.ie le gairid, dúirt Damien Dempsey: ‘Tá sé draíochtach, tá fíor-athbheochan ar bun… tá daoine ag filleadh ar an oidhreacht.

‘Tá sé iontach daoine óga a fheiceáil ag filleadh ar a stair féin. Cuireann siad fonn orm tuilleadh Gaeilge a labhairt.

‘Bhí bac ann, roimh go leor daoine Éireannacha, an bhfuil a fhios agat, agus tá siad [Kneecap] tar éis an bhaic sin a bhriseadh.’

Glór Ár Linne
Glór Ár Linne

Mar sin, le Glór Ár Linne tá cuardach ar bun le seisear cheoltóir nó banna a aimsiú a leanfaidh orthu ag briseadh na mbaic céanna seo, a bhronnfaidh an deis orthu tabhairt faoin dúshlán seo.

Beidh oiliúint na scéime Glór Ár Linne á stiúradh ag Cara Dunne, ceoltóir leis an mbanna Mongoose, agus dar léi: ‘Tá an tallann ann cheana féin, níl le déanamh ach ardán a thabhairt dó.

‘Táimid ag cuardach ceoltóirí atá dáiríre faoina gceird, a bhfuil uathu foghlaim conas dul i ngleic leis an earnáil ceoil, agus a gceol a chur os comhair na sluaite ag féilte na hÉireann agus ar ardáin idirnáisiúnta.’

Dar le bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil: ‘Tá go leor cainte maidir le “hathbheochan teanga” le gairid, ach tá níos mó i gceist ná sin.

‘Is réabhlóid chultúrtha atá ag tarlú, agus tá daoine ag foghlaim gur féidir leo saol trí Ghaeilge a lorg dóibh féin.

‘Tá ról lárnach ag an gceol, cultúr agus na healaíona sa bhfís sin, agus ba mhaith linn a chinntiú go gcuirtear ar bhóthar a leasa an chéad Kneecap, RÓIS nó Huartan eile agus iad ag déanamh iarrachta dul i bhfeidhm ar an earnáil cheoil.

James Shannon
James Shannon

‘Léiríonn ceoltóirí agus bannaí leithéid d’IMLÉ, Cian Mac Cárthaigh agus James Shannon nach bac atá sa teanga ach bealach isteach nuair is mian leat a bheith i do cheoltóir proifisiúnta.’

Le Glór Ár Linne, thug James Shannon rapcheol go Sráid an Mhúraigh agus Troy’s Family Butchers, agus chuir Aisling Moran cuairteoirí gharraithe na lus faoi gheasa lena glór binn.

Is baill den scéim Baile Átha Cliath le Gaeilge Troy’s Butchers, a chuireann seirbhísí dátheangacha ar fáil don phobal.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram