

Ba é an scannán, Anora, a bhfuil cur síos air mar shíscéal (fairytale) grinn dorcha, an buaiteoir mór ar oíche Oscar le cúig ghradam.
Murab ionann agus blianta beaga anuas, níorbh oíche mhór í do na Gaeil. Bhí Cillian Murphy ar an stáitse ach ní raibh ann ach gradam a bhronnadh.

Agus ní raibh an scéinséir faoi thoghadh pápa nua, Conclave, chomh maith agus a bhíothas ag súil leis. Ní bhfuair Ralph Fiennes dámhachtain agus níor bhuaigh sé ach Oscar amháin, don script cóirithe is fearr.
Bhuaigh Mikey Madison, atá i ról struipeálaí (stripper) a imíonn ar shiúl le mac olagarcRúise, an gradam aisteoir is fearr.
Ba ábhar iontais é seo mar bhí formhór na ndaoine ag súil go mbeadh an duais buaite ag Demi Moore as a cuid feidhmíochta in The Substance.
Ainmníodh an scannánóir ar Anora Sean Baker mar stiúrthóir is fearr agus ainmníodh Anora freisin mar an scannán is fearr den bhliain.
Bhuaigh Anora Oscar freisin don script bhunaidh ab fhearr agus don eagarthóireacht ab fhearr.

Bhuaigh Adrien Brody an Oscar don aisteoir is fearr as a ról mar ailtire (architect) Ungáiris Lazlo Toth sascannán ailtireachta The Brutalist.
Thug Brody barróg da chomhréalta i bPeaky Blinders agus a chomhbhuaiteoir Gradam Acadaimh, Cillian Murphy, agus é ag glacadh leis an duais ón aisteoir Éireannach.
Ba é an dara duais Oscar a bhí aige sa chatagóir seo, 22 bliain tar éis a chéad duais, don Pianist sa bhliain 2003.
Chuaigh an cineamatagrafaíocht is fearr freisin chuig stiúrthóir The Brutalist Brady Corbet, a bhuaigh an duais don scór bunaidh is fearr freisin.
Ghlac Kieran Culkin an chéad Oscar den oíche, an t-aisteoir tacaíochta is fearr, as a ról sa dráma grinn, A Real Pain
Bhuaigh Zoe Saldana, réalta Emilia Perez, an duais don aisteoir baineann tacaíochta is fearr, Is é seo a céad ainmniúchán d’Oscar.

Ba é El Mal le Emilia Perez an t-amhrán is fearr agus ba é Paul Tazewell ó Wicked a bhuaigh an duais as dearadh éadaí.
Bhuaigh an stiúrthóir Brasaíleach Walter Salles an ghné idirnáisiúnta is fearr don scannán Portaingéileach I’m Still Here, atá suite sna 1970idí i lár dheachtóireacht mhíleata brúidiúil na Brasaíle.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.