Cillian Flaherty: Ómós ó lucht Fittest Family

28/02/2025

Bhí Cillian Flaherty. a bhí 15 bliain d’aois, mar réalta dá chlann ar Ireland’s Fittest Family roimh a bhás tragóideach

Tá ómós tugtha ag Laura Fox do Cillian Flahert y agus í ag déanamh machnaimh ar chraobh cheannais Ireland’s Fittest Family.  

Ghlac Cillian, a bhí 15 bliain d’aois, páirt sa chomórtas in éindí lena dheartháir agus a thuismitheoirí agus d’éirigh leo an chraobh leath-cheannais a bhaint amach.

Ach fuair sé bás sula raibh an tsraith le feiceáil ar an teilifís. Cuireadh an clár ar athlá go dtí an athbhliain.

D’éirigh le muintir Cummins as Cill Chainnigh an comórtas a bhuachan agus thug Laura Fox ómós speisialta don déagóir agus a chlann.

‘Comhghairdeas mór le muintir Cummins agus Davy as ucht Ireland’s Fittest Family 2024 a bhuachan,’ a scríobh Laura ar Instragram

Cillian Flahery
Cillian Flaherty

‘Nuair a fuair Cillian Flaherty bás, chuir sé isteach go mór ar gach duine a bhí i mbun scannánaíocht i rith an tsamhraidh.

‘Ag breathnú ar mhuintir Flaherty ar an scáileán le cúpla seachtain anuas, ba léir gur mhór an chreidiúint é dá chlann. Bhí grá ag a chlann dó agus bhí grá aige dóibh.’

Bhí Cillian mar réalta dá chlann i rith an tseó – agus d’éirigh thar cionn leis i rith an dúshláin High and Dry in éindí lena dheartháir – rud a chuidigh leis an gclann dul tríd chuig an chraobh cheathrú-cheannais. D’éirigh leis an gclann an chraobh leath-cheannais a bhaint amach ina dhiaidh.

Rinne siad scannánaíocht ar an tsraith i rith an tsamhraidh i 2024 agus bhí sé socraithe go mbeadh sé ar an aer mí Dheiridh Fómhair. Ach nuair a fuair Cillian bás go tobann an mhí sin, cuireadh an clár ar athlá go dtí an athbhliain le cead óna chlann.

Bhí an chraobh cheannais le feiceáil Dé Sathairn seo caite, agus tar éis rás spleodrach d’éirigh le muintir Cummins faoi bhainistíocht Davy Fitzgerald an chraobh a bhuachan i gcoinne na Magners faoi bhainistíocht Anna Geary.

Agus é ag déanamh machnaimh ar an gcomórtas, dúirt athair na clainne Paul. ‘B’iontach an t-eispéireas é páirt a ghlacadh ar Ireland’s Fittest Family.’

‘Obair chrua a bhí ann le neart obair fhoirne. Thug Davy spreagadh ar leith dúinn agus bhí an t-ádh orainn an comórtas a bhuachan. Rud speisialta a bhí ann. Tá sé deacair é a chreidiúint.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram