

Thug an tAire Oideachais Helen McEntee le fios go bhfuil súil aici go mbeidh dhá churaclam ann do Ghaeilge na hArdteiste i 2028.
Le fada an lá, tá grúpaí Gaeilge ag éilimh go gcuirfear i bhfeidhm dhá churaclam Ardteiste don teanga, ceann a bheadh feiliúnach do chainteoirí líofa agus ceann do dhaltaí i scoileanna lán-Bhéarla.

Bhí sé socraithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) é seo a dhéanamh go dtí gur cuireadh stop leis an obair 2023.
Ní raibh Helen McEntee mar Aire Oideachas ag an am sin.
Rinne eagraíochtaí teanga agus oideachais cáineadh láidir ar na socruithe a rinne an CNCM agus bhí imní ann go ngearrfar pionós ar dhaltaí in oideachas lán-Ghaeilge dá mbeadh na pointí Ardteiste céanna ar fáil do ghrád áirithe sna dá churaclam.
Tugadh an múnla T1 agus T2 isteach ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí in 2017 agus an cúrsa T1 dírithe ar chainteoirí dúchais agus líofa agus cúrsa T2 oiriúnach do dhaltaí i scoileanna lán-Bhéarla.
I bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála Tom Brabazon ó Fhianna Fáil, dúirt an tAire Oideachais nua Helen McEntee go bhfuil an taighde breise sin ar bun faoi láthair agus staidéar á dhéanamh ar na múnlaí a úsáidtear le haghaidh teangacha dúchais i dtíortha eile.
Níor thug McEntee aon eolas áfach maidir le cén uair go mbeadh an taighde seo críochnaithe nó cén uair go mbeadh an obair ar fhorbairt na sonraíochtaí ag tosú arís ach thug sí le fios go raibh sé fós i gceist go mbeadh curaclam Gaeilge na hArdteiste réidh le tabhairt isteach i scoileanna uile an Stáit faoi fhómhar na bliana 2028.
Dúirt McEntee chomh maith go ndéanfaí machnamh ar na sonraíochtaí nua don Ardteist ‘a ailíniú’ leis an BHFRÁáma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha. (ar a bhfuil an córas TEG bunaithe), mar atá molta ag leithéidí Chonradh na Gaeilge le fada. Dúirt an tAire McEntee go raibh an t-ábhar á scrúdú i sraith páipéir acadúla a bhí á réiteach dá roinn.
Gealladh sa Chlár Rialtais go rachfar i mbun oibre le curaclam Gaeilge na mbunscoileanna, na scoileanna dara leibhéal agus na n-institiúidí tríú leibhéal a chur in oiriúint don bhh- Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Ag labhairt di le ExtraG.ie ag tús na míosa seo, níor thug an tAire McEntee le fios cén chaoi go bhféadfadh sí a chinntiú go gcomhlíonfar na gealltanais seo más rud é go raibh an cinneadh deiridh á dhéanamh ag eagraíocht atá neamhspleách ón rialtas.
Roimh an t-olltoghchán, dúirt Norma Foley, a bhí mar Aire Oideachais ag an am, nach raibh smacht ar bith aici ar churaclam Ghaeilge na hArdteiste de bharr go raibh ‘an obair seo ar siúl faoi láthair’ ag an CNCM.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.