Julian De Spáinn: An fear taobh thiar de na feachtais

20/02/2025

Agallamh le Julian De Spáinn faoi fhás aníos, faoin gceol a thaitníonn leis agus faoin gcaoi a ligeann sé a scíth lena pháistí

Tá Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, níos gnóthaí ná mar a bhíonn de ghnáth ag déileáil le fadhbanna faoin DUP, Foras na Gaeilge, cúrsaí tithíochta, easpa infheistíochta ghinearálta – agus Ard-Fheis an Chonradh atá ar siúl i Loch Garman an deireadh seachtaine seo.

Mar sin féin, theastaigh uainn bualadh leis an bhfear taobh thiar de na feachtais seo.

Is Dub é Julian. Níor éirigh sé aníos sa Ghaeltacht, níor fhreastail sé ar scoil lán-Ghaeilge agus ní raibh baint aige leis an CLG agus é óg.

Tá cónaí air i Ráth Garbh agus, san am saor atá aige, is maith leis a scíth a ligean lena pháistí óga.

Julian De Spáinn
Julian De Spáinn

Is maith leis a bheith ag éisteacht leis na Waterboys freisin, de bharr cuimhní cinn ar an am a chuir sé suim sa Ghaeilge agus i rudaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Is i dTuaim, i nGaillimh – ‘Ní hé an áit is Gaelaí é,’ mar a deir sé féin – a thit sé i ngrá leis an Ghaeilge.

‘Bhí coláiste breá ag Coláiste na bhFiann ansin, sin an áit ar chuir mé an spéis sa teanga,’ a deir sé.

julian 1

Ag an am bhí na Waterboys ag dul ó rock ‘n’ roll go dtí rud éigin níos traidisiúnta nó níos Cheiltigh agus chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm air. Agus ar fhreastail sé ar scoil lán-Ghaeilge? ‘Níor fhreastail. Bhí mé ar scoil in Oatlands i Stigh Lorgan, atá trasna an bhóthair ó Choláiste Eoin agus Coláiste Iosagáin. Bhí mé i scoil Bhéarla.’

Ní raibh mórán suime aige sa spórt ach an oiread.

‘Bhí rudaí faoi leith sa scoil maidir le cúrsaí spóirt nach raibh ró-tharraingteach nó dearfach. Níor chaith mé an oiread sin ama le cúrsaí spóirt.’

Is i gCumann na bhFiann i mBaile na Manach a chaith sé chuid mhaith dá ama, agus is ansin ar bhuail sé le Hector Ó hEochagáin.

julian de spaoinn 1

Bhí Hector i gceannas ar an gclub, agus deir Julian: ‘Bhí sé spreagúil agus bhí an club ar fad spreagúil. Bhí sé ar siúl idir a seacht agus a naoi. Bhuail Hector leat ag an doras. Bheadh focail aige do gach duine. Bhí sé an mhaith le daoine. Tá sé fós.’

‘Ní bheadh aon rud ag dul ar aghaidh,’ a deir sé ag gáire, ‘go dtí 15 nóiméad roimh an deireadh dhéanfadh sé cleas éigin agus ansin, ar an bhealach amach, déarfadh sé cúpla focal eile leat arís.’

Cé nach raibh mórán baint ag Julian le spórt agus é ar scoil, tá baint aige anois leis Na Gaeil Óga, agus tá a mhac, atá ocht mbliana d’aois ag imirt leo. Déanann sé iarracht cóitseáil dhéanamh leo agus bíonn sé ag obair leo ar an gcoiste freisin.

Ina dhiaidh na hardteiste chuaigh an Ghaeilge i bhfeidhm go mór air.

Ghlac sé bliain saor agus rinne sé cúrsa timireachta le Cumann na bhFiann agus deir sé:  ‘Nuair a bhí mé críochnaithe ansin, bhí mé ag obair i gclubanna do Chumann na bhFiann, trí oíche agus gach dara Satharn. Bhí post páirt aimsire agam, chun go bhféadfainn dul go Gaillimh.’

julian2

Nuair a bhí sé sa choláiste i nGaillimh, rinne sé stair trí Ghaeilge.

‘Ní raibh ach seisear againn sa rang, ranganna beag a bhí ann, ach bhí an t-eispéireas an-mhaith. Bhí daoine mar  Gearóid Ó Tuathaigh agus eile mar léachtóirí againn. Mar gheall go raibh seisear sa rang bhí mé in ann aithne a chur air.

‘Ó thaobh na teanga de, chuir mé an Cumann Craic ar bun le cúpla duine eile sa choláiste, atá anois mar an Cumann Gaelach, b’fhéidir, le cúpla bliain anuas, ach bhí muid ag iarraidh eispéireas a thabhairt do dhaoine eile. Bhí muc iomlán ar an spit. Bhí céilí faoina réalta agus bhí go leor rudaí eile mar bhí muid i gcónaí ag smaoineamh ar rudaí lasmuigh den bhosca le daoine a spreagadh ó thaobh na teanga de.’

An gceapann sé go bhfuil an meon athrú i dtaobh an Ghaeilge faoi láthair, ná mar a bhí sé, b’fhéidir 30 bliain ó shin?

‘Sílim go bhfuil. Sílim go bhfuil an meon sa phobal ana-bháúil don teanga, agus i measc daoine óga go háirithe, go bhfuil spéis acu í a úsáid níos mó má a fhaigheann siad seans é sin a dhéanamh.

‘Tá cuid den fhianaise le feiceáil sa tríú leibhéal, mar shampla, go bhfeiceann tú na cumainn Ghaelacha, gurb iad cuid de na cumainn is mó i ngach coláiste.

‘Mar gheall go bhfuil sé ar fáil sa teicneolaíocht freisin is féidir na meáin shóisialta, den chuid is mó, a dhéanamh trí Ghaeilge freisin.

The Waterboys
The Waterboys

‘Sin toradh ar Acht na Teanga Oifigiúla. Toradh maith a bhaineamar amach, sé sin go bhfuil gach fógra i ngach cúig fhógra as Gaeilge agus tá toradh maith ar sin ó thaobh feiceálacht agus an Ghaeilge a chloisteáil.’

So, cad a dhéanann sé chun sos a glacadh?

Tosaíonn sé ag gaire arís agus deir sé: Tá páistí agam 10 mbliana d’aois agus níos óige. So, níl a fhios agam an sos é. But, you know, is breá liom é.

‘Tá an-chuid le déanamh ag na páistí i gcónaí. Tá siad ag an aois sin go bhfuil roinnt rudaí nua dóibh fós. Tá an-chuid eispéiris gur féidir a bheith againn lena chéile.

‘Thug mé beirt acu go dtí Londain dhá bhliain ó shin agus bhain mé an-sult as sin. Tá rudaí mar sin gur féidir a dhéanamh lena bpáistí go ceann cúpla bliain eile, b’fhéidir.’

Agus bíonn leithéidí IMLÉ agus Róisín Seoighe ag dul go mór mór i bhfeidhm air.

‘Is ceol nua aimseartha é agus atá ar an gcaighdeán céanna, nó fiú níos fearr, ná an-chuid atá amuigh ansin trí mheán an Bhéarla.

Deir sé: ‘M’iníon Sibéal, tá clár raidió aici. Bhí sí ag úsáid IMLÉ go minic mar is breá léi an ceol agus tá sé ag dul go mór i bhfeidhm uirthi go bhfeiceann sí  duine ag déanamh é sin trí Ghaeilge.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram