Louise O’Neill: Dúirt mo dhaid liom dul sa seans níos mó

24/02/2025

Sé figiúr faighte ag Louise O’Neill le haghaidh leabhar cuimhní cinn faoin ngrá

Tá an t-údar Louise O’Neill tar éis leabhar cuimhní cinn faoina taithí pearsanta leis an ngrá a scríobh.

D’éirigh leis an gCorcaíoch, atá tar éis leabhair clúiteacha cosúil le Asking For It agus After The Silence a scríobh, íocaíocht le sé figiúr a fháil ón bhfoilsitheoir HarperCollins tar éis ceant idir cúig chomhlacht foilsitheoireachta.

Déanann an leabhar nua le Louise,A Bigger Life, cur síos ar an machnamh agus eachtraíocht a bhíonn ann nuair a thagann deireadh tobann le caidreamh fad-téarmach.

‘Ag tús na bliana anuraidh, shuí mé síos le mo dhaid agus d’inis mé an fhírinne leis – bhí mé sáinnithe'
‘Ag tús na bliana anuraidh, shuí mé síos le mo dhaid agus d’inis mé an fhírinne leis – bhí mé sáinnithe’

Beidh an leabhar le fáil Mí Mheán Fómhair an bhliain seo chugainn.

Mar chuid den scéal, téann Louise go cathracha cosúil le Páras, Londain agus Nua Eabhrac agus bíonn an greann, saoirse collaíochta agus briseadh croí go mór le n-aireachtáil. 

I dteachtaireacht ar na meáin shóisialta, dúirt Louise: ‘Ag tús na bliana anuraidh, shuí mé síos le mo dhaid agus d’inis mé an fhírinne leis – bhí mé sáinnithe.

‘Ní raibh mo shaol, agus mé 38 bliain d’aois, cosúil le rud ar bith a bhí samhalta agam.

‘Theip orm i ngach chaoi agus ní raibh clú agam cén chaoi go bhféadfadh mé rudaí a dheisiú. Dúirt mo dhaid liom gur chóir dom dul sa seans níos mó,’ a dúirt Louise.

‘Agus b’shin a bhí ar siúl agam i 2024. Bhí mé ag dul sa seans. Agus bhí mé ag tabhairt tús áite don spraoi agus pléisiúr agus an eachtraíocht le machnamh a dhéanamh ar mo shaol.’

Dúirt O’Neill, cé go bhfuil sí ‘beagnach 40, ní raibh mé comh misniúil agus compordach riamh. Cé go mbíonn an tsochaí ag rá leat nach bhfuilimid comh feiceálach sin, níor mhothaigh mé comh beo bríomhar riamh.

‘Ba mhaith liom go mothóidh gach bean an tsaoirse seo agus tá súil agam go gcuideoidh an leabhar seo leis.’

Dúirt sí freisin: ‘Na scéalta atá agam daoibh faoi rudaí a tharla le 12 mí anuas… d’fhéadfá a rá go raibh an spraoi ag baint leis.’

Dúirt HarperCollins go raibh an leabhar ‘dána, greannmhar agus an-inspioráideach’. 

Dúirt siad: ‘Is scríbhneoir greannmhar, pointeáilte í Louise. Tugann A Bigger Life léargas iomlán difriúil ar scéalta grá.’

Dúirt O’Neill, cé go bhfuil sí ‘beagnach 40, ní raibh mé comh misniúil agus compordach riamh'
Dúirt O’Neill, cé go bhfuil sí ‘beagnach 40, ní raibh mé comh misniúil agus compordach riamh’

Dúirt an teach foilsitheoireachta freisin go rachadh an leabhar go mór i bhfeidhm ar mhná ós cionn 35 a bhí srianta de bharr brú ón sochaí.

D’éirigh leis an dara úrscéal a scríobh Louise O’Neill, Asking For It, gradam Leabhar na Bliana a bhaint amach i 2015 ag Gradaim Leabhar na hÉireann. Déanann an scéal cur síos ar bhean óg a bhí éignithe ag fir áitiúla.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram