Easpa Gaeilge ag an Ceann Comhairle is cúis le rí-rá sa Dáil

13/02/2025

Bhí seans ag páirtithe an Rialtais Ceann Comhairle le Gaeilge a roghnú – ach bhí margaí polaitiúla níos tábhachtaí, is cosúil

Sular bhain Verona Murphy ról an Chinn Comhairle amach, thug ExtraG.ie foláireamh maidir leis an gcontúirt a bheadh ann dá dtabharfaí an jab do dhuine nach raibh Gaeilge acu – agus tá an chuma ar an scéal go raibh an ceart againn.

Sheas beirt iarrthóir le Gaeilge don ról freisin, Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) agus Seán Ó Fearghaíl (Fianna Fáil), mar sin bhí réiteach ann a sheachnódh an ruaille buaille a tharla sa Dáil oíche Dé Céadaoin

Mar gheall ar an gcomhaontú a rinne Fianna Fáil agus Fine Gael le grúpa Michael Lowry, toghadh Murphy ina Cheann Comhairle.

Micheál Martin
Micheál Martin

Agus bhí rí rá sa Dáil nuair a chuireadh i leith an Taoisigh gur bhain sé úsáid as an Ghaeilge leis na rialacha a bhriseadh – agus ní raibh an Cheann Comhairle in ann tada a dhéanamh agus í ina suí agus mearbhall uirthi, cé go raibh sí ceaptha a bheith i gceannas ar an áit.

Scríobh Mary Lou McDonald chuig an Murphy agus é den tuairim aici go ndúirt an Taoiseach gan bhunús go raibh sí ag ‘insint bréaga’.

Bhí díospóireacht faoin tithíochta ar siúl sa Dáil nuair a dúirt sí go ndúirt an Taoiseach i nGaeilge gur bhréagadóir a bhí inti.

D’éirigh rudaí níos measa nuair a chuir Teachtaí eile ó Shinn Féin i leith an Taoisigh go raibh sé ag baint tairbhe as easpa Gaeilge an Chinn Comhairle.

Mary Lou McDonald
Mary Lou McDonald

Ina litir chuig Murphy, scríobh McDonald go ndearna ‘An Taoiseach líomhain gan bhunús go raibh mé ag “insint bréaga”.’

D’iarr sí ar an gCeann Comhairle teagmháil a dhéanamh leis an Taoiseach le cinntiú go dtarraingeoidh sé siar a ráiteas sa Dáil. Lean an argóint tar éis na díospóireachta a mhair dhá uair an chloig de bharr rún a mhol cur chuige nua ‘radacach’ i réimse na tithíochta.

Tá sé i gcoinne na rialacha sa Dáil a rá gur bréagadóir é duine agus más rud é go ndeir Teachta an méid seo, iarrtar orthu a ráiteas a tharraing siar.

Ceann Comhairle Verona Murphy
Ceann Comhairle Verona Murphy

I lár an ruaille buaille sa Dáil, d’iarr Murphy ar an Taoiseach a ráiteas a tharraing siar ‘más rud é go ndúirt tú a leithead, níl a fhios agam an ndearna’. Dúirt Pearse Doherty ó Shinn Féin gur bhain Martin tairbhe as easpa Gaeilge an Chinn Comhairle.

Agus í ag déanamh iarrachta deireadh a chur leis an argóint, dúirt an Ceann Comhairle: ‘Ní féidir liom breithiúnas a dhéanamh ar rud nár chuala mé. Glacaim leis go gcreideann [McDonald] go ndúradh a méid. Deir an Taoiseach nár dhúirt sé é.’

Dúradh le McDonald i ndiaidh na díospóireachta go bhféadfadh sí litir a scríobh le gearán a dhéanamh faoin méid a tharla.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram