D’fhéadfadh Liverpool pointí a chailleadh i ndiaidh náire Everton – ach cen baint atá ag Denis Irwin leis?

14/02/2025

Bhí gach rud ag dul go maith do Slot agus do Liverpool – ach is seachtain an-dona a bhí ann dóibh

Cuireadh i leith Liverpool agus Everton go bhfuil siad tar éis droch-chlú a tharraingt ar an bPremier League de bharr an méid a tharla oíche Dé Céadaoin – ach níl deireadh leis an scéal.

D’fhéadfadh an cluiche deireanach sa Premier League a imríodh i Goodison Park, sula bhogann Everton, a bheith thar a bheith costasach don dá fhoireann.

Denis Irwin
Denis Irwin

Bhí clampar ann nuair a séideadh an feadaíl ag deireadh an chluiche. Bronnadh ceithre chárta dearga san iomlán tar éis an chluiche – Arne Slot agus a chúntóir Sipke Hulshoff i measc an dreama a fuair cártaí.

Seans go mbeidh pionóis á ghearradh ar an dá chlub – ach tharla sé cheana gur chaill foirne pointí ó thábla na sraithe de bharr drochiompar ar an bpáirc.

Bhí an-chuid cainte ann faoi na cártaí dearga agus cé a bhí freagrach astu tar éis an méid a tharla sa chluiche idir Liverpool agus Everton – Tá caint ar chártaí dearga agus fíneálacha.

Ach d’fhéadfadh rudaí a bheith níos measa don dá fhoireann.

Thug Manchester United aghaidh ar Arsenal ar an 20ú Dheireadh Fómhair, 1990.

Bhí an bua ag Arsenal agus cúl amháin aimsithe acu – ach beidh clú ar an gcluiche seo mar ba é an chéad uair i stair na peile – go dtí seo – gur baineadh pointí ó fhoirne de bharr clampar ar pháirc na himeartha.

Tháinig an t-aon chúl díreach roimh leath-am nuair a d’éirigh leis an imreoir lár páirce Aders Limpar an eangach a lascadh do Arsenal.

Sa dara leath, bhí Limpar san iomaíocht don liathróid leis an gcosantóir Corcaíoch Denis Irwin le haghaidh Manchester United.

Agus chuir sé seo tús leis an trioblóid ar fad. Rinne Nigel Winterburn ó Arsenal calaois ar Irwin agus thosaigh clampar uafásach.

Gearradh pionóis ar Limpar agus Winterburn, ach san iomlán ghlac 21 imreoir páirt sa troid.

Ghearr an dá chlub fíneáil ar na himreoirí a bhí páirteach agus gearradh Arsenal pionós freisin ar a mbainisteoir Geroge Graham.

Tá sé seo suimiúil tar éis na líomhaintí a rinneadh faoi bhainisteoir Liverpool ag deireadh an chluiche i gcoinne Everton i bPáirc Goodison oíche Dé Céadaoin.

Arne Slot
Arne Slot

Agus ghearr Cumann Peile Shasana fíneáil ar an dá chlub freisin.

Ach an fáth gur bhain an cluiche seo cáil amach ná de bharr gur baineadh pointí uathu.

Baineadh dhá phointe ó Arsenal agus ceann amháin ó Manchester United.

D’éirigh le hArsenal an comórtas a bhuachan ar deireadh, ach má bhaintear pointí ó Liverpool agus Everton d’fhéadfadh sé seo a bheith daor.

Tá Liverpool chun cinn sa Premier League agus tá Everton ag bogadh ó bhun an tábla.

Bhí achrann uafásach ann ag deireadh an Dearbaí Liverpool i bPáirc Goodison nuair a bhí clampar ann idir réalta na bhfoirne.

Bhí na Toffees ag ceiliúradh mar d’éirigh leo teacht ar ais sa chluiche le comhscór 2-2 a bhaint amach tar éis cic den chéad scoth ón gcosantóir James Tarkowski.

Nuair a shéid an réiteoir an cluiche ag deireadh an chluiche, bhí an t-imreoir lár páirce Abdoulaye Doucoure ag ceiliúradh díreach os comhair lucht leanúna Liverpool go dtí gur thug Curtis Jones aghaidh air.

Cuireadh tús le hargóint teasaí agus bhí ar na maoranna páirce léim isteach leis an síocháin a choimeád.

Thug Oliver an dara chárta bhuí do Doucoure agus Jones araon, rud a chiallaíonn nach mbeidh siad in ann a bheith páirteach sna chéad cluichí eile dá bhfoirne.

Níor cuireadh deireadh leis an dráma áfach mar tugadh cártaí dearga do bhainisteoir Liverpool Arne Slot agus a chúntoir Sipke Hulshoff.

Fiú nuair a bhí na himreoirí ón dá fhoireann ag imeacht ón bpáirc, bhí rudaí fós teasaí agus achrann le feiceáil idir an dá thaobh.

Tharla sé seo cúpla nóiméad tar éis a rith cuid de lucht leanúna Everton amach ar an bpáirc le ceiliúradh a dhéanamh ar chúl Tarkowski.

Agus é ag déanamh iarrachta cur síos a dhéanamh ar an méid a bhí feicthe aige, dúirt bainisteoir Everton David Moyes go raibh an cluiche craiceáilte.

‘Críoch den chéad scoth a bhí ann dúinne. Bhí sé tráthúil dúinn gur éirigh linn an Dearbaí Merseyside deireanach a chríochnú sa nóiméad deireanach’, a dúirt an t-Albanach le TNT Sports.

‘Theastaigh uainn an cluiche a bhuachan ach nuair a bhíomar ag cailliúint 2-1, cheap mé nach raibh an chuma ar an scéal go bhféadaimis teacht ar ais sa chluiche.

‘Ach d’oibríomar go dian agus leanamar leis. Bhí níos mó seansanna againn sa dara leath ná an chéad leath. Agus bhí Tarky iontach nuair a bhí sé de dhíth.’

Cheap Liverpool go raibh siad naoi phoint chun tosaigh ar bharr an Premier League nuair a fuair Mo Salah cúl sa dara leath leis an scórlíne a athrú go 2-1 ach beidh orthu a bheith sásta go bhfuil siad seacht phointe chun tosaigh. 

Tá Everton anois 10 pointe chun tosaigh thar na trí foirne atá ag bun an tábla. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram