

Chuir Stephen Gately albaim Ronan Keating i bhfolach i siopa ceirníní nuair a d’eisigh an péire albaim aonair ag am céanna.

Thug Michelle Gately, deirfiúr le Stephen, le fios gur tharla an eachtra seo nuair a ghlac sí páirt ar an gclár faisnéise Boyzone: No Matter What atá léirithe ag Sky Documentaries.
Déanann an clár cur síos ar an gcaoi gur éirigh le cúigear dhéagóir as Baile Átha Cliath clú agus cáil a bhaint amach agus iad faoi bhainistíocht Louis Walsh.
Tá Michelle agus criú Boyzone an-mhór le chéile fós, agus tá cuimhní geala acu ar fad ar Gately a fuair bás i 2009.

In agallamh ar an suíomh Evoke.ie, thug Michelle le fios nár inis sí do Keating faoin méid a bhí ar siúl ag Gately sa siopa ceirníní sula bhfuair sé bás de bharr galar croí nár aimsíodh.
Dúirt sí: ‘D’eisigh Stephen agus Ronan a n-albaim ag an am céanna agus bhí mise in Amstardam le Stephen.
‘Bhíomar ag dul thar bráid ar shiopa ceirníní agus bhí albam Ronan le feiceáil san fhuinneog agus ar fud fad na háite.’
‘Phioc Stephen suas an-chuid d’albaim Ronan agus d’iompaigh sé iad go cúl an tsiopa, áit a raibh an comhartha “Z”.’
Labhair Michelle freisin faoin mbrú uafásach a chuireadh ar Gately a fhógairt go raibh sé aerach. Bhagair na meáin air scaoileadh leis an rún agus déantar an-chur síos ar seo sa chlár faisnéise.
Bhí an homaighnéasacht fós ‘faoi cheilt’ in Éirinn agus bhí Gately den tuairim go bhféadfadh sé deireadh a chur lena ghairm mar cheoltóir.

Dúirt Michelle: ‘Bhí sé chun éacht mór a bhaint amach i gcónaí tar éis a d’oibrigh sé chomh crua.
‘Nuair a bhíomar inár bpáistí, bhí seomra suí sa teach againne agus ní raibh cead ag aon duine dul isteach ann.
‘Ach bhíodh Stephen ag dul isteach ann agus chuireadh sé na boird agus na cathaoireacha sa choirnéal le stiúideo damhsa a dhéanamh.
‘Bhíodh sé ag cleachtadh, ag canadh agus ag damhsa.’
Dúirt sí freisin, nuair a d’fhógair Gately go raibh sé aerach, fuair an chlann na mílte litreacha ó dhaoine as a lucht leanúna a bhí sa chás céanna agus comhairle á lorg acu.
Dúirt Michelle: ‘Tá litreacha agam ó dhaoine, buachaillí óga ach go háirithe.’

‘Fuair mé cheann ó leaid nach raibh ach 16 nó 17 bliain d’aois ag an am agus bhriseadh sé do chroí. D’inis sé dom faoin tionchar a bhí ag Gately air. Bhí an duine seo i riocht lámh a chur ina bhás féin.
‘Ach de bharr an nirt a thaispeáin Stephen, d’éirigh leis an misneach a aimsiú agus aghaidh a thabhairt ar a athair, mar b’shin an chúis imní is mó a bhí aige.’
Ó eisíodh an clár faisnéise, deir Michelle go raibh a fón ag glaoch gan stad nó staonadh agus daoine ag seoladh teachtaireachtaí di le tacaíocht a thabhairt.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.