Fuarthas corpáin tar éis timpiste eitleáin i Washington le 64 ar bord

Corpáin á dtógáil as abhainn Potomac tar éis d’eitleán paisinéirí agus héileacaptar Black Hawk de chuid arm na Stát Aontaithe imbhualadh i Washington

Bhuail eitleán paisinéirí le 64 duine ar bord le héileacaptar Black Hawk de chuid Arm na Stát Aontaithe, in aice le hAerfort Washington, DC, sn Stáit Aontaithe.

Tharla an t-imbhualadh agus an t-eitleán ag druidim leis an rúidbhealach (runway) i Washington, dar leis an Riarachán Eitlíochta Feidearálach (Federal Aviation Administration) agus oifigigh cosanta.

Cuireadh tús le freagairt éigeandála ollmhór ag Abhainn Potomac i Washington, gar don áit ar bhuail an t-eitleán paisinéirí agus an héileacaptar.

washington plane feat 2
Tharla an t-imbhualadh agus an t-eitleán ag druidim leis an rúidbhealach (runway) i Washington

Bhí an eitleán, American Airlines Flight 5342, le 60 paisinéir agus ceathrar ball foirne ar bord, tar éis imeacht ó Wichita, Kansas go Washington, de réir na haerlíne.

Bhí triúr saighdiúir ar bord an héileacaptair, de réir oifigeach cosanta SAM.

Cuireadh stop le gach éirí de thalamh agus tuirlingthe ag Aerfort Náisiúnta Reagan i Washington.

Go gairid tar éis 9 p.m., dúirt Roinn Seirbhísí Leighis Dóiteáin agus Éigeandála (Fire and Emergency Medical Services Department) Ceantar Columbia i bpost meáin shóisialta go raibh aerárthach beag síos in Abhainn Potomac in aice leis an aerfort.

Dúirt an tseirbhís éigeandála go raibh báid arna mbainistiú ag an roinn dóiteáin ar an láthair.

Fuarthas ar a laghad 18 gcoirp go luath i ndiaidh na timpiste, de réir tuairiscí ó Washington.

Ní raibh aon fhigiúirí oifigiúla ann maidir le líon na marbh nó gortaithe, ach thuairiscigh na meáin áitiúla go bhfuarthas ceathrar beo.

Taispeánann píosaí scannáin CCTV splanc solais sa spéir ag 8.47pm am áitiúil (1.47am am na hÉireann) le feiceáil a thaispeánann an nóiméad a bhuail an t-eitleán agus an héileacaptair agus a pléascadh ina lasracha.

Cúpla nóiméad sula raibh sé sceidealta dul i dtír, tugadh cead d’eitilt American Eagle druidim le rúidbhealach 33.

Dhearbhaigh rialtóirí aerthráchta (Air traffic controllers) leis an bpíolóta héileacaptair go raibh an t-eitleán ag teacht i radharc acu.

Soicind ina dhiaidh sin, imbhuail an dá aerárthach.

Léiríonn faisnéis rianaithe eitilte, bunaithe ar shonraí arna dtarchur ag trasfhreagróir raidió an eitleáin Bombardier, go raibh sé ag airde de thart ar 400 troigh agus luas de thart ar 140msu nuair a d’fhulaing sé caillteanas tapa airde thar Abhainn Potomac.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram