Boyzone ar buille: Ní raibh tallann ag Keating, a deir Louis Walsh

29/01/2025

Seolann Boyzone clár faisnéise nua ach leanann achrann le Louis Walsh agus Ronan Keating ar aghaidh

Bhí Ronan Keating agus na leaids eile ó Boyzone i láthair do sheoladh chláir faisnéise nua fúthu i mBaile Átha Cliath oíche Dé Máirt, ach leanann an troid lena n-iarbhainisteoir Louis Walsh ar aghaidh.

In Boyzone: No Matter What tá réaltaí Boyzone Ronan Keating, Keith Duffy, Shane Lynch agus Mikey Graham, in éineacht le Walsh, ag caint ar a gclú, na fadhbanna a tháinig chun cinn agus an briseadh suas.

Bhí Keating, Duffy agus Lynch i bpictiúrlann Stella i Ráth Maoinis (Rathmines) in éindí lena dteaghlaigh, go gairid ina dhiaidh a seoladh i Londain.

Boyzone No Matter What Dublin Premiere 14
Bhí Ronan Keating agus na leaids eile ó Boyzone i láthair do sheoladh Boyzone: No Matter What

Labhair Keating faoin gcaoi ar airigh sé nuair a chonaic sé an clár faisnéise don chéad uair agus a thaithí ‘deacair’ le Walsh.

‘Nuair a bhreathnaigh mé air ar dtús, bhí mé gortaithe, a dúirt Keating. Bhí mé ar an urlár trína céile. Bhreathnaigh mé arís air agus is dóigh gur bhreathnaigh mé air le léargas nua.’

Bhain Boyzone clú agus cáil amach i 1993 nuair a chuir Walsh an grúpa le céile.

Tá sé tar éis teacht chun cinn gur aontaigh Walsh lena thaobh den scéal a insint cé go bhfuil sé i mbun ceimiteiripe (chemotherapy) faoi láthair.

Sa chlár, gearánann Keating gur thuig Walsh ‘cén chaoi go bhféadfadh sé mé a ghortú… le rudaí gangaideacha (vicious), uafásacha’ agus ‘go ndearna sé iarracht mise agus mo ghairm a scriosadh.’

Mar fhreagra, dúirt Walsh, ‘Amhránaí measartha ab ea Ronan. Chuaigh sé i bhfeidhm ar mhná níos sinne, b’shin an margadh a bhí aige … Dúirt sé liom nach raibh fonn air a bheith ina amhránaí karaoke – agus chuir sé sin as dom.’

Labhair Walsh freisin faoin uair a thug sé an bata agus an bóthar do Keating. Dúirt sé: ‘D’inis mé an fhírinne leis i gcónaí … Bhí colscaradh ann agus dúirt mé nach raibh tallann ar leith aige.’

Boyzone
Boyzone

Dúirt foinse atá gar le boc mór an cheoil, ‘Bhí Louis an-tinn ag an am, ach rinne sé iarracht speisialta dul ar an gclár. Bhí sé ag fáil chemo le haghaidh a ailse fhola, mar sin ní raibh cuma ró-mhaith air agus bhí sé spíonta ina dhiaidh.’

Bhí cineál ailse fhola fíorannamh ar Walsh, ach tá biseach tagtha air anois tar éis a cuireadh cóir leighis air.

Beidh an clár faisnéise, atá ina trí chuid, á seoladh ar Sky Documentaries agus NOW Dé Domhnaigh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram