

Tá an Dréacht-Chlár Rialtais (Programme for Government) seolta agus beidh sé á phlé ag baill Fhianna Fáil agus Fhine Gael agus eile. Seo roinnt pointí tábhachtacha faoi.

Ní bhfuair lucht feachtais Gaeilge soiléireacht ná sonraí sonracha ar go leor de na rudaí a d’iarr siad sa Dréacht-Chlár Rialtais.
Ní raibh sna sonraí a seoladh Dé Céadaoin, áfach, ach dréachtcháipéis agus tá feachtas Chonradh na Gaeilge chun buntáistí ar leith a fháil don Ghaeilge fós ag dul ar aghaidh.
Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuireadh do dhaoine ríomhphoist a sheoladh chuig a dTeachtaí Dála áitiúla agus chuig ceannairí páirtí sula n-aontófar an Clár don Rialtas faoi dheireadh.
Is féidir leo é seo a dhéanamh ach cliceáil ar www.gníomh.ie agus na treoirlínte a leanúint.
Dealraíonn sé anois go dtiocfaidh an Ghaeilge faoi Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs), mar a bhí idir 2002 agus 2010, leis an Rialtas nua.
Sa rialtas roimhe seo bhí an Ghaeilge faoi leas-cheannaire an Chomhaontais Ghlais (Green Party) Catherine Martin, sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media).
Seo iad na moltaí don Ghaeilge sa Dréacht-Chlár Rialtais. Áirítear leo gealltanais a tugadh roimhe seo ach nach ndearnadh. Is iad:
• Pleananna forbartha speisialta do cheantair Ghaeltachta agus spriocanna tithíochta a thabhairt isteach
• Acmhainn a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun leibhéil éifeachtacha tacaíochta agus comhairle airgeadais a thairiscint do ghnóthaí Gaeltachta
• Na cláir thiomanta oiliúna múinteoirí trí mheán na Gaeilge a mhéadú
• Toghcháin dhíreacha d’Údarás na Gaeltachta a athbhunú
• Acmhainní a chur ar fáil do sheirbhísí a thacaíonn le teaghlaigh agus a sholáthraíonn tacaíochtaí teaghlaigh trí Ghaeilge
• Tacú le leathnú ceadúnas craolacháin do stáisiúin raidió príomhshrutha Gaeilge a dhíríonn ar éisteoirí óga
• Leanúint ag tacú le fás TG4 agus Raidió na Gaeltachta

Is annamh a mholann ceannairí ceardchumainn na múinteoirí pleananna an Rialtais maidir le hoideachas agus mar sin nuair a tharlaíonn sé, , mar a tharla leis an Dréacht-Chlár Rialtais, is fiú a lua.
Dúirt John Boyle, Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), go bhfuil siad ‘thar a bheith sásta’ leis an tiomantas chun an cóimheas (ratio) daltaí agus múinteoirí a ísliú go 19:1.
‘Tá muid ag béicíl as seo le blianta anuas. D’éirigh linn cur ina luí ar an rialtas deiridh é a laghdú go 23 ag am nuair a bhí an meán Eorpach 20,’ a dúirt sé ar Drivetime ar RTÉ Raidió 1.
Dúirt sé: ‘Tá an meán Eorpach laghdaithe anois go dtí 19, agus tá an Rialtas seo tiomanta do dhul chuige sin.’

Deir an Dréacht-Chlár Rialtais go laghdóidh sé costas cúram leanaí go €200 in aghaidh na míosa in aghaidh an linbh tríd an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.

Tá imní ann go gcuirfidh cailliúint cumhachta ag an gComhaontas Glas deireadh le polasaithe don chomhshaol.
Beidh an Rialtas‘uaillmhianach (ambitious) maidir le hiompar poiblí agus bóithre’, a dúirt figiúr a raibh baint acu le dréachtú an chomhaontú, dar leis an Irish Times.
Agus dúirt siad freisin: ‘Ní bheidh an oiread sin lánaí rothar tógtha, tá sé sin cinnte. Beidh rudaí móra ar siúl anois.’
Mar sin féin, tá gealltanas sa Dréacht-Chlár Rialtais leanúint ar aghaidh leis na harduithe bliantúla ar an ráta cánach carbóin amach go dtí 2030.
Ag an am sin gearrfar an cháin ag €100 in aghaidh an tonna d’astuithe carbóin.
Úsáidfidh siad freisin an t-airgead a chruinníonn an cháin charbóin chun bearta leasa shóisialaigh agus scéimeanna comhshaoil a mhaoiniú.

Cé go ndúirt an Rialtas nua go dtógfaidh sé 300,000 teach faoi 2030, tá baill an fhreasúra amhrasach, agus iad á rá go bhfuil go leor gealltanas tugtha ag Fianna Fáil agus Fine Gael ar thithíocht thar na blianta nach bhfuil déanta.
Tá sé ráite ag TD Shinn Féin Louise O’Reilly go bhfuil an Dréacht-Chlár Rialtais gan mórán athraithe ón Rialtas deireanach.
Dúirt sí ar Drivetime ar RTÉ Raidió 1: ‘Níl mé cinnte cad a cheapann “Neamhspleáigh Michael Lowry” atá bainte amach acu ach is cinnte nach bhfeicim mórán mar gheall ar athrú nó go deimhin dul chun cinn.
Dúirt sí go ndearnadh neamhaird de mholtaí a rinne an Coimisiún Tithíochta agus nach raibh sé soiléir conas a bhí beartaithe acu 300,000 teach a thógáil faoi 2030.
Dúirt Cian O’Callaghan, ceannaire gníomhach na nDaonlathaithe Sóisialta, gur comhrialtas coimeádach a bheidh sa rialtas nua a thabharfaidh an tír ar gcúl agus ní chun cinn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.