Sos cogaidh in Gaza? Le méid ollmhór bia agus cúnamh leighis do theaghlaigh atá ag fulaingt

14/01/2025

Tá dóchas ann do shíocháin in Gaza tar éis 46,000 a mharú, iallach ar 90% den daonra bogadh agus scriosadh tithe agus ospidéil

Táthar ag súil anois le sos cogaidh in Gaza agus creidtear go dtarlóidh sé tar éis do Donald Trump brú a chur ar Iosrael glacadh le comhaontú.

Tá Hamas tar éis glacadh le dréacht-chomhaontú (draft agreement) le haghaidh sos cogaidh in Gaza agus scaoileadh dosaenacha gialla (hostages) Iosraelacha, de réir tuairiscí.

Benjamin Netanyahu faoi bhrú mar gheall ar ionsaí in Gaza
Benjamin Netanyahu faoi bhrú mar gheall ar ionsaí in Gaza

Áirítear mar chuid den chomhaontú méid ollmhór cúnaimh ag dul go Gaza ionas gur féidir le muintir na Palaistíne cuid den chúnamh leighis agus bia a theastaíonn uathu a fháil.

Chomh maith leis sin dúirt oifigeach Iosraelach go bhfuil dul chun cinn déanta.

Bhí éilimh (claim) ar chomhaontú maidir le sos cogaidh in Gaza déanta roimhe seo, ach, ag an am, níor ghlac saineolaithe neodracha go raibh siad dáiríre faoi.

An uair seo is cosúil go mbeidh sé difriúil. Dúirt Catar (Qatar), idirghabhálaí tábhachtach sna cainteanna, go bhfuil Iosrael agus Hamas ag an ‘pointe is gaire’ fós le comhaontú.

Tá dóchas léirithe ag oifigigh gur féidir leo comhaontú a thabhairt i gcrích roimh insealbhú (inauguration) Uachtarán tofa Mheiriceá, Donald Trump, ar an 20 Eanáir.

Chuaigh a thoscaire (envoy) sa Mheánoirthear, Steve Witkoff, isteach san idirbheartaíocht i bpríomhchathair Chatar, Doha, agus deir saineolaithe gur chuir sé iachall ar Iosrael aontú le sos cogaidh.

De réir an chomhaontaithe, sa chéad chéim den sos cogaidh, scaoilfidh Hamas mórán de na gialla (hostages) is leochailí (vulnerable), mar mhalairt ar mórán príosúnach Palaistíneach agus fágfaidh fórsaí Iosrael na hionaid daonra (populated areas).

Beidh cead ag roinnt Palaistínigh filleadh ar a dtithe agus ceadófar cúnamh leighis (medical aid) dul isteach.

Sa dara céim, deir Hamas go scaoilfidh siad na gialla atá fágtha mar mhalairt ar líon mór príosúnach, agus beidh tarraingt siar iomlán ag Iosrael as Gaza agus beidh sos cogaidh marthanach (lasting) ann.

Cheana féin gheall Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu leanúint ar aghaidh ag troid go dtí go scriosfar cumais mhíleata agus rialaithe Hamas. Mar sin féin, tá Hamas ag leanúint ar aghaidh ag earcú (recruiting) fir óga atá feargach mar gheall ar na hionsaithe ar Gaza ag Iosrael.

Tá an figiúr oifigiúil do líon na bPalaistíneach a maraíodh in ionsaithe Iosrael ar 46,000, agus tá níos mó ná leath acu ina mná agus leanaí.

Donald Trump
Donald Trump

Mar sin féin, creidtear freisin gur maraíodh na mílte eile, gur gortaíodh go leor eile agus gur fhulaing siad de bharr ocras agus tinnis thromchúiseacha mar gur stop Iosrael cúnamh agus leigheas ag dul isteach in Gaza agus scrios siad na hospidéil.

As an 250 giall Iosraelach a ghlac Hamas, creidtear go bhfuil 100 fós á gcoinneáil faoi chuing in Gaza.

Creideann míleata Iosrael go bhfuil ar a laghad an tríú cuid acu marbh.

Laghdaigh an t-ionsaí ar Gaza limistéir mhóra den áit go brablach (rubble) agus díláithríodh (displaced) thart ar 90% den daonra de 2.3 milliún, agus tá na céadta mílte pacáilte isteach i gcampaí pubaill feadh an chósta ina bhfuil ocras forleathan.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram