SUV ‘inches’ ó dhul isteach sa ‘Grand Canal’ i ‘Rathmines’ tar éis timpiste

13/01/2025

Contúirt ar na bóithre le 17 bás agus 85 gortú tromchúiseach (serious) i ndiaidh timpiste le linn thréimhse na Nollag

Sheachain tiománaí SUV dul isteach sa Chanáil Mhór (Grand Canal) i mBaile Átha Cliath tar éis timpiste a d’fhág an carr ar a thaobh, díreach orlach (inches) ón uisce.

Tharla sé seo tar éis do 17 duine a saol a chailleadh i ndiaidh timpiste ar bhóithre na hÉireann le linn tréimhse na Nollag.

An SUV tar éis timpiste
An SUV tar éis timpiste

Chomh maith leis sin bhí gortuithe an-tromchúiseacha ag 85 duine tar éis roinnt timpiste.

Tharla an timpiste SUV ar an gCanáil Mhór idir Ráth Maonais (Rathmines) agus Raghnallach Ranelagh).

Chas an SUV ar a thaobh agus bhuail sé crann – agus sin é an rud a stop ó dhul isteach san uisce agus an tiománaí a chur i mbaol báite (drowning).

Dúirt urlabhraí do Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath (Dublin Fire Brigade), ar X, gur fhreastail aonaid ó Stáisiúin Dóiteáin An Carnan (Dolphin’s Barn) agus Shráid na Teamhrach (Tara Street) ar an láthair.

D’fhreagair paraimhíochaineoirí go tapa freisin agus dúirt an t-urlabhraí go raibh orthu an carr a chobhsú (stabilise) mar go raibh sé in áit chontúirteach ar an mbóthar.

Droch-deireadh seachtaine ar na bóithre a bhí ann freisin do thiománaithe, tar éis bás beirte ina dhiaidh timpiste in iarthar agus i ndeisceart na tíre.

I gCo Luimnigh, fuair fear ina 70idí bás tar éis dó a bheith buailte ag gluaisteán i gceantar Mhainistir na Féile.

Tharla an tragóid go gairid tar éis 9pm Dé Domhnaigh ar an tSráid Nua, Mainistir na Féile (Abbeyfeale). Fógraíodh go raibh an fear marbh ag an láthair.

Garda Checkpoint 4

Uaireanta ina dhiaidh sin, fuair déagóir bás tar éis timpiste a tharla idir Dumha Acha (Dooagh) agus Gob na Choire (Achill Sound), Mhaigh Eo.

Go gairid roimh 1am, chuaigh na gardaí agus na seirbhísí éigeandála go dtí timpiste a bhain le feithicil amháin ar an R319 ag Caol (Keel), Acaill.

Fógraíodh go raibh an t-aon duine sa charr, fireannach 17 mbliana d’aois, marbh ag an láthair tamall gairid ina dhiaidh sin.

Bhi ceathrar básaithe ar bhóithre na hÉireann ó thús na bliana úire i gceithre thimpiste ar leith le cúpla lá anuas.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram