

Tar éis míonna de mhoill, cuireadh pianbhreith choiriúil (criminal sentence) ar Donald Trump Dé hAoine, i gcás ‘hush-money’ i Nua-Eabhrac.
Ciontaíodh Trump, a bhí le feiceáil ar fhíseán ag a phianbhreith Dé hAoine, an bhliain seo caite as 34 comhaireamh as taifid ghnó a fhalsú (falsifying business records) chun an scannal gnéis a bhain le Stormy Daniels a chlúdach.
Chuir an scannal gnéis sin bagairt ar a fheachtas toghcháin i 2016.

Gearradh pianbhreith air, Dé hAoine, ach sheachain sé príosúnacht nó aon phionós substainteach eile.
Mar sin féin, tá tábhacht shiombail ag baint le cinneadh na cúirte.
Soiléiríonn sé seo a stádas mar fheileon (felon), rud a fhágann gurb é an chéad duine a thug an t-ainmniúchán amhrasach sin isteach san uachtaránacht sa Stáit Aontaithe.
Ar an iomlán, i gcás Nua-Eabhrac, bhí rialú an Bhreithimh Manuel Merchan níos boige ná mar a bheifí ag súil leis.
Dhírigh an breitheamh ar idirdhealú a dhéanamh idir Trump an duine aonair agus Trump an t-uachtarán tofa (president-elect).
Dúirt sé gurb í oifig na huachtaránachta a bhfuil cosaintí forleathana dlí tuillte aici, seachas an fear.
D’áitigh foireann dlí Trump go gcuirfeadh aon phianbhreith bac ar a chuid oibre mar Uachtarán. Thug an breitheamh urscaoileadh gan choinníoll (uncondidtional discharge) dó, áfach.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil pianbhreith curtha air ach ní gá dó dul chuig an bpríosún ná aon fhíneálacha a íoc.
Dá dtabharfaí urscaoileadh le choinníoll (conditional discharge) dó bheadh air coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, amhail fostaíocht a choinneáil nó cúiteamh a íoc.

Is pianbhreith annamh agus trócaireach é urscaoileadh neamhchoinníollach i gcúirteanna stáit Nua-Eabhrac ach fós sainaithnítear ann stádas Trump mar fheileon (felon) roimh a insealbhú (inauguration) mar Uachtarán Mheiriceá.
Bhí sé seo ar cheann de dhá throid dlíthiúla a lean ar aghaidh do Trump.
Is é an ceann eile, a iarracht chun moill a chur ar scaoileadh tuairiscí an Abhcóide Speisialta Jack Smith faoina dhá imscrúdú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.