Pádraig Ó Snodaigh: Ómós tugtha ag an Uachtarán

05/01/2025

‘Bhí sé de phribhléid agam glaoch ar Phádraig Ó Snodaigh, agus ar a bhean chéile Clíodhna Cussen, mar chairde liom,’ a dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn

Thug an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ómós do Phádraig Ó Snodaigh, an gníomhaí Gaeilge, foilsitheoir agus file.

Dúirt an tUachtarán: ‘Fear an-dúthrachtach (dedicated) agus duine mór de ghluaiseacht na Gaeilge, ba é Pádraig Ó Snodaigh.

Pádraig Ó Snodaigh
Pádraig Ó Snodaigh

‘Bhí sé tiomanta chomh láidir sin ar feadh an tsaoil do chur chun cinn agus caomhnú ár dteanga dhúchais, dá húsáid, dá litríocht, agus thar aon rud eile, a áit i saol laethúil ár ndaoine.

‘Spreag a chuid saothair iomadúla (numerous) agus a shaothar fadbhunaithe (long-standing) daoine eile chun an teanga atá lárnach dár n-oidhreacht chultúrtha chomhroinnte a chaomhnú agus a chuimsiú.’

Dúirt sé: ‘Bhí sé de phribhléid agam glaoch ar Phádraig agus ar a bhean chéile nach maireann, an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen, mar chairde liom.

osnodaigh1

‘Is cuimhin liom a dtacaíocht láidir don cheart go mbeadh TG4 ann don teanga, do dhaoine agus don Ghaeltacht.’

Bhí clú agus cáil bainte amach ag an Uasal Ó Snodaigh mar gníomhaí ar son na Gaeilge agus bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1974 go 1978.

Chomh maith leis sin bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim a chur scríbhneoirí mar Máirtín Ó Cadhain, Gabriel Rosenstock, Seán Mac Mathúna agus Michael Hartnett chun cinn.

Bhí sé pósta leis an dealbhóir, Clíodna Cussen, a bhí ina ábhar ómóis ar leith le linn fhéile litríochta IMRAM i mBaile Átha Cliath mí na Samhna seo caite.

Chomh maith leis sin tá triúr dá mhac sa ghrúpa ceoil traidisiúnta forásach, Kila. Is iad sin Rosa, Rónán agus Colm.

osnodaigh 1

Agus tá a mhac Aengus ina Teachta Dála de chuid Sinn Féin.

Rugadh an tUasal Ó Snodaigh i gCeatharlach ach bhí sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath.

I measc na gcnuasach filíochta a scríobh an tUasal Ó Snodaigh tá Cumha agus Cumann, Cúl le Cúl agus Cronú (2004).

Tá úrscéalta agus aistí staire foilsithe aige freisin.

Ag cur síos ar an Uasal Ó Snodaigh mar ‘urlabhraí(advocate) seasta ar son shaibhreas na Gaeilge mar theanga bheo’, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn gur ‘cailliúint mhór’ é bás dóibh siúd atá ag obair ar son na Gaeilge a chur chun cinn.

Dúirt Paula Melvin, uachtarán Chonradh na Gaeilge: ‘Is rud ollmhór é an tionchar a bhí ag Pádraig Ó Snodaigh, iar-uachtarán ar an gConradh, ar ghluaiseacht na Gaeilge, trína cheannaireacht, a iarrachtaí foilsitheoireachta ceannródaíocha agus a phaisean gan staonadh dár gcultúr.

‘Spreagfaidh a oidhreacht dhomhain na glúnta atá le teacht.

osnodaigh2 1

‘Go raibh maith agat, a Phádraig, as obair do shaoil, agus go raibh suaimhneas agat.’

Beidh an tAifreann Sochraide ag 11.30rn ar an Luan in Eaglais Peadar & Pól Baile Dúill (Baldoyle), (D13 N840) agus adhlacadh i Reilig Naomh Fionntán, Cill Fhionntain (Sutton).

Bláthanna clainne. Tabhartais chuig Médecins Sans Frontières.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram