

Tá Pádraig Ó Snodaigh, an scríbhneoir, file agus foilsitheoir, ar shlí na fírinne.
Bhí clú agus cáil bainte amach ag Pádraig mar gníomhaí ar son na Gaeilge agus bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1974 go 1978.
Chomh maith leis sin bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim a chur scríbhneoirí mar Máirtín Ó Cadhain, Gabriel Rosenstock, Seán Mac Mathúna agus Michael Hartnett chun cinn.

Bhí, agus tá, go leor ball dá mhuintir chomh gníomhach ar son na Gaeilge agus na sochaí in Éirinn agus a bhí Pádraig féin.
Bhí sé pósta leis an dealbhóir, Clíodna Cussen, a bhí ina ábhar ómóis ar leith le linn fhéile litríochta IMRAM i mBaile Átha Cliath mí na Samhna seo caite.
Chomh maith leis sin tá triúr dá mhac sa ghrúpa ceoil traidisiúnta forásach, Kila. Is iad sin Rosa, Rónán agus Colm.
Agus tá a mhac Aengus ina Teachta Dála de chuid Sinn Féin.
Thug Aengus ómós d’athair ag rá: ‘Laoch ar lár. Tá m’athair ar shlí na fírinne.
‘I measc uaisle na nGael go raibh sé. Pádraig Ó Snodaigh 1932-2025.’
Dúirt Conradh na Gaeilge ar X: ‘Tá Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge (1974-79) agus laoch chló na Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh, imithe ar shlí na fírinne.
‘Gabhann an Conradh comhbhrón ó chroí lena mhuintir, lena sheancomrádaithe ar fad san eagraíocht agus lena chairde ar fad.

‘Ní bheidh a leithéid arís ann.’
Rugadh Pádraig i gCeatharlach ach bhí sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath.
I measc na gcnuasach filíochta a scríobh Pádraig tá Cumha agus Cumann, Cúl le Cúl agus Cronú (2004).
Tá úrscéalta agus aistí staire foilsithe aige freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.