Pardúin Biden agus Trump! 1,500 daoránaigh (convicts) saor ó phríosún –  chomh maith le Hunter Biden

12/12/2024

Tá plean pardún ollmhór ag Joe Biden, mar atá ag Trump. Mar sin cad a deir sé sin faoin gcóras ‘ceartais’ i Meiriceá?

Tá an tUachtarán Joe Biden ag iomalartú (commuting)pianbhreitheanna beagnach 1,500 duine agus tá sé ag tabhairt pardún do 39 duine eile a ciontaíodh i gcoireanna (crimes).

Is é seo an deontas is mó trócaire ó uachtarán Mheiriceá in aon lá amháin.

Tá oifigigh Joe Biden ag rá nach ndearna na daoine sin coireanna foréigneacha, mar sin tá sé ceart go leor.

Hunter Biden
Hunter Biden

Tá siad ag rá freisin gur scaoileadh go leor acu as an bpríosún, agus cuireadh i ngéibheann sa bhaile (home confinement) iad, mar gheall ar Covid.

Ciontaíodh na daoine a fuair pardún as coireanna neamhfhoréigeanacha, lena n-áirítear seilbh ar cannabas (marijuana), a dúirt lucht tacaíochta Biden.

Ní dúirt siad, áfach, go scaoilfí amach gach duine a ciontaíodh as cannabas a bheith acu –  nó go n-athróidís na dlíthe maidir le cannabas.

Tá cannabas fós mídhleathach i Meiriceá. Rinne go leor stát dlíthiúil é ach ciallaíonn sé sin nach ndéanfaidh póilíní an stáit tú a ghabháil –  ach d’fhéadfadh an FBI é a dhéanamh, más mian leo.

Tháinig an fógra seo, coicís tar éis do Biden pardún a eisiúint dá mhac, Hunter, a ciontaíodh as seilbh ghunna agus as imghabháil cánach ioncaim (tax evasion).

Cháin Poblachtánaigh agus Daonlathaithe an cinneadh sin toisc go raibh sé ráite go minic ag Biden nach n-úsáidfeadh sé a chumhacht chun pardún a thabhairt dá mhac.

Dúirt an Teach Bán go gcabhróidh an cinneadh nua le,  ‘teaghlaigh a athcheangal, pobail a neartú, agus daoine aonair a chur ar ais sa tsochaí’.

Dúirt Biden gur féidir le Meiriceá a bheith ag súil le tuilleadh pardúin sna seachtainí sula mbeidh air an Teach Bán a fhágáil.

Tá moltaí ag rialtas Biden freisin chun pardún ginearálta a thabhairt d’oifigigh an rialtais a thug dúshlán do Donald Trump – ach nár cúisíodh riamh.

Deir siad go bhféadfaidís é seo a dhéanamh mar go bhfuil sé ráite ag Donald go bhfaighidh sé díoltas ar na daoine a rinne é a ionchúiseamh.

Dúirt Trump go dtabharfaidh sé pardún dá lucht tacaíochta a bhí páirteach san ionsaí i Washington go luath i 2021.
Dúirt Trump go dtabharfaidh sé pardún dá lucht tacaíochta a bhí páirteach san ionsaí i Washington go luath i 2021.

Tá sé ráite ag Trump freisin go mbeidh clár ollmhór aige maidir le pardún a thabhairt do choirpigh.

Dúirt sé go dtabharfaidh sé pardún dá lucht tacaíochta a bhí páirteach san ionsaí i Washington go luath i 2021.

Dúirt Trump gur ‘droch-chóras’ a bhí i gceist in aghaidh na ndaoine a ciontaíodh sna hionsaithe sin.

Dúirt sé go bhféadfadh roinnt eisceachtaí a bheith ann.

Nuair a cuireadh ceist air faoi ionsaitheoirí a rinne ionsaí ar phóilíní dúirt sé nach raibh an dara rogha acu.

Mhaígh sé freisin gur cuireadh brú ar dhaoine aonair glacadh le pléadálacha ciontacha, agus dúirt: ‘Tá a saol ar fad scriosta.’

Ciontaíodh nó pléadáil ciontach níos mó ná 1,250 duine san ionsaí, agus tá ar a laghad 645 duine curtha i bpríosún.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram