Tá sneachta ag teacht ach an mbeidh sé anseo don Nollaig?

09/12/2024

Gan ach coicís roimh an Nollaig, tá an aimsir fhuar ag leanúint ar aghaidh, agus is féidir linn a bheith ag súil le sneachta freisin

Tá Éire le bheith buailte ag ceathanna sneachta sna seachtainí amach romhainn, ach an mbeidh Nollaig gheal (white Christmas) againn?

Tá an náisiún fós ag téarnamh ó Stoirm Darragh, rud a d’fhág os cionn 360,000 teaghlach agus gnó Éireannach gan chumhacht.

Tá an sneachta ag teacht
Tá an sneachta ag teacht

Mar sin is é an rud deireanach a mbeadh daoine ag súil leis ná sneachta.

Mar sin féin, gan ach coicís le dul go dtí an Nollaig, tá aird á dhíriú ar an gcineál aimsire ar féidir leis an tír a bheith ag súil le linn shéasúr na féile – agus an mbeidh sneachta ann.

De réir léarscáileanna aimsire nua ó WXCharts.com, a foilsíodh Dé Luain, táthar ag súil go dtiocfaidh ceathanna geimhridh, a bhféadfadh sneachta a bheith san áireamh, i dtír laethanta sula dtiocfaidh Daidí na Nollag an 25 Nollaig.

Ar an Domhnach, an 22 Nollaig, tá sé tuartha go dtitfidh sneachta trom i dtuaisceart Dhún na nGall agus Co Chorcaí.

Agus is dócha go dtitfidh an teocht Dé Sathairn 21 Nollaig, go dtí faoi bhun an reophointe.

Idir an dá linn, dúirt Met Éireann go mbeidh an tseachtain seo tirim go ginearálta le gaoth éadrom ach go mbeidh sé fuar, le sioc, oighear agus ceo b’fhéidir.

Beidh ceathanna níos déanaí an tseachtain seo. Ach ní bheidh sneachta ann go fóill.

Beidh sé tirim agus socair le sioc géar go forleathan agus beidh oighear ann Dé Máirt, agus beidh ceo ann freisin. An teocht is ísle ó -3C go 0C.

Snow 2

An aimsir don Mháirt

Glanfaidh sioc agus ceo ón gcuid is mó de cheantair go tapa Dé Máirt ach seans go bhfanfaidh siad trasna codanna de Chonnacht agus de Chúige Uladh.

Nuair a ghlanann an ceo beidh sé tirim agus geal le tréimhsí fada grianmhara.

An teocht is airde de 3 go 6 céim go ginearálta ach ag fanacht níos fuaire nuair a fhanann ceo, le gaotha athraitheach.

Táthar ag súil le sioc agus oighear forleathan oíche Mháirt le ceo freisin. Teochtaí is ísle de -3 go 0 céim, le gaotha athraitheach.

An aimsir don Chéadaoin

Fanfaidh ceo agus ceobhráin ar feadh tamaill ina lán áiteanna Dé Céadaoin, agus beidh sioc ag fanacht chomh maith.

I réigiúin ina n-ardaíonn ceo agus ceobhráin forbrófar tréimhsí gréine.

Go ginearálta beidh na teochtaí is airde ag dul ó náid go +3 céim ach idir 4 agus 7 gcéim i gceantair chósta thoir agus theas.

Táthar ag súil le hoíche fuar agus sioctha eile oíche Chéadaoin le ceo forleathan.

Teochtaí is ísle de -3 go 0 céim le gaotha éadrom.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram