

Tá na gardaí ag tabhairt foláireamh don phobal faoi ‘porch pirates’ – gadaithe atá ag díriú ar sheachadtaí baile an Nollaig seo, tar éis tuairiscí gur goideadh bronntanais ó na doirse.
Agus séasúr na Nollag ag druidim linn, tá go leor daoine ag roghnú siopadóireacht ar líne arís chun na scuainí a shárú agus an strus a bhaineann le dul chuig na siopaí a sheachaint.
Tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar shiopadóireacht ar líne le gach séasúr féilte, le go leor siopaí ag tairiscint lascainí (discounts) i rith mhí na Nollag sula gcuirtear tús lena ndíolachán féilte.
Mar sin féin, tá an méadú ar líon na ‘porch pirates’ ag goid beartán ónár ndoirse tosaigh in Éirinn, tar éis dó tosú ag tarlú sna Stáit Aontaithe ar dtús.

Is coirpigh iad ‘porch pirates’ a ghoideann beartáin a fhágann tiománaithe seachadta ag tithe fad is a bhíonn an cónaitheoir as a dteach, agus iad ag obair i bhformhór na gcásanna.
Ag labhairt di le Patricia Messinger ar an seó Cork Today C103 , mhol Frances Murphy, Garda Pobail i nDroichead na Bandan i gCo Chorcaí, don phobal a bheith ar an airdeall faoi na ‘porch pirates’.
Dar léi, tá roinnt beart agus réamhchúraimí ar féidir le ceannaitheoirí a ghlacadh chun a mbronntanais Nollag a sheachaint ó bheith goidte ag na ‘porch pirates’.
‘Bhí eachtra againn in iarthar Chorcaí cúpla lá ó shin nuair a fuair bean teachtaireacht ag rá gur seachadadh a cuid earraí.
‘Nuair a chuaigh sí chun iad a fháil i ndeireadh an bhóthair ní raibh siad ann. Táimid ag glacadh leis gur tógadh iad,’ a dúirt sí.
Lean Ms Murphy ar aghaidh ag moladh taisceadáin(safes) bheartáin a cheannach chun a gcuid seachadta a chosaint ó ‘porch pirates’ nó iarraidh ar a gcomharsana súil a choinneáil ar an bhfear seachadta agus a gceannach a chosaint go dtí go mbeidh siad sa bhaile.
Dúirt sí: ‘Mura bhfuil tú sa bhaile, má tá tú amuigh ag obair, b’fhéidir go bhféadfaí do chuid earraí a sheachadadh chuig duine den teaghlach nó chuig comharsa atá sa bhaile an lá ar fad.
‘Tá taisceadáin(safes) éagsúla ann ar féidir leat infheistíocht a dhéanamh iontu inar féidir le fear an phoist é a chur isteach sa taisceadán.
‘Ní bhíonn sé éasca i gcónaí ach coinnigh cuimhne air don todhchaí,’ a dúirt sí.
Ar an mbealach sin is iad na ‘porch pirates’ an t-aon duine a mbeidh droch-Nollaig acu.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.