

Dúradh leis an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee nach raibh aon chumas ag príosúin freastal go sábháilte ar ardú tobann príosúnach.
Tá rabhaidh ann maidir le plódú méadaitheach i bpríosúin i ndiaidh ‘mí-ord poiblí forleathan’ le bliain anuas.

Dúradh leis an Aire McEntee freisin go bhféadfadh go n-éireodh níos mó brú ar an gcóras as ceapachán breithiúna breise agus méadú ar shuíonna cúirte.
I gcáipéis fhaisnéise chuig Ms McEntee – a fuarthas faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise (Freedom of Information) – thug oifigeach de chuid na Roinne Dlí agus Cirt foláireamh go raibh an líon daoine a bhí faoi choimeád níos airde ná riamh.
Dúradh sa doiciméad: ‘Tá feidhmiú os cionn acmhainne tagtha chun bheith ina chaighdeán gan iarraidh (unwanted standard) i 2023 agus i 2024.
‘Tá tionchar diúltach nach beag aige seo ar shábháilteacht agus ar fheidhmiú na bpríosún.
‘Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin nach bhfuil aon spás ag eastát príosúin na hÉireann faoi láthair chun freastal go sábháilte ar aon ardú tobann sa daonra.’
Dúradh sa cháipéis don Aire McEntee go bhféadfadh ‘borradh’ den chineál seo tarlú i gcás mí-ord poiblí, ar nós an chíréb (riot) agus an chreasa (looting) forleathan a tharla i mBaile Átha Cliath anuraidh.
I gcruinniú faisnéise, dúradh le Ms McEntee go raibh coinníollacha neamhshábháilte sna príosúin mar thoradh ar iompar míchuí ó mhionlach beag d’fhoireann an phríosúin.
Cuireadh in iúl do Ms McEntee go rabhthas ag déileáil le ‘iompar mí-eiticiúil, agus i gcásanna áirithe, le hiompar neamhdhleathach’ fostaithe.
Tá rabhadh tugtha arís agus arís eile don Aire Dlí agus Cirt maidir le córas príosúin fadhbach na hÉireann i mbliana, le príosúin ag feidhmiú go minic ag os cionn ‘107%’ de thoilleadh.
Dúradh le Ms McEntee freisin go raibh córas tástála drugaí le haghaidh ‘foireann aitheanta’ le tabhairt isteach chomh luath agus a bheadh clár randamach tástála ar bun.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Dlí agus Cirt: ‘Tá Seirbhís Phríosúin na hÉireann ag leanúint ar aghaidh ag plé leis an Roinn Dlí agus Cirt chun pleananna a chur chun cinn chun cóiríocht (accommodation) a thabhairt do bhreis is 1,100 príosúnach idir 2024 agus 2030.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.