Cad faoi a bhí tú á labhairt le Michael O’Leary, a Phascail?

24/11/2024

Bhuail an tAire caiteachais Paschal Donohoe le Michael O’Leary le haghaidh lón costasach ach deir sé nár phléigh siad a ngnó agus nach cairde iad ach an oiread

Tá an t-aire atá i gceannas ar chaiteachas an Rialtais Paschal Donohoe ceistithe faoin gcruinniú a bhí aige le Michael O’Leary.

Aon uair a phléann na hAirí polasaithe nó rialacháin an Rialtais le lucht gnó tá siad ceaptha é a thaifeadadh ina ndialann oifigiúil.

Paschal Donohoe
Paschal Donohoe

Nuair a cuireadh ceist air faoin gcruinniú dúirt Donohoe nach cairde é le príomhfheidhmeannach Ryanair, cé go ndúirt sé gur rud sóisialta amháin a bhí ann.

D’fhreastail an tAire Caiteachais Phoiblí de chuid Fhine Gael leis an Uasal O’Leary agus aoi eile gan ainm i mbialann Delahunt i mBaile Átha Cliath i 2022.

Bhí an tUasal Donohoe ina aire airgeadais agus ina uachtarán ar an nGrúpa Euro ag an am.

Mar sin féin, níor cuireadh an dinnéar le O’Leary san áireamh ina dhialann aireachta agus dhiúltaigh a fhoireann ar dtús é a nochtadh nuair a chuir an Irish Times ceist air faoi.

In ainneoin gur chuir sé síos ar an mbéile mar rud sóisialta amháin, dúirt an tUasal Donohoe: ‘Ní chuirfinn síos orm féin mar chara le Michael O’Leary… Labhair muid faoi chúrsaí an-ghinearálta.

‘Ach dá ndéileálfadh le haon cheist a bhaineann le rialáil nó le polasaithe gnó, thabharfaí tuairisc air sin agus déileálfar leis ar an mbealach céanna agus a ndéileáiltear le gach teagmháil eile a dhéanfaidh mé.

‘Tuairiscítear cruinniú ar bith a bhíonn agam le haon duine a thagraíonn do ghnó an rialtais agus foilsítear i mo dhialann é.’

Dúirt an tAire gur roinn sé an bille leis an Uasal O’Leary, ar fiú thart ar €900 milliún é.

D’admhaigh sé go raibh an béile aige le O’Leary tar éis don Irish Times ceist a chur ar an dara huair.

Dúirt foireann an Uasail Donohoe nár soláthraíodh an t-eolas ar dtús toisc gur ‘dinnéar príobháideach’ a bhí ann.

Dúirt urlabhraí de chuid Ryanair níos luaithe an tseachtain seo: ‘Dinnéar sóisialta a bhí anseo i mbialann i mBaile Átha Cliath i gcuideachta daoine eile.’

Dúirt sé nach raibh aon stocaireacht i gceist.

Dúirt an tUasal Donohoe nach raibh aon phlé faoi phaisinéirí Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Bhí an tUasal O’Leary go mór i mbéal an phobail maidir leis an teorainn 32 milliún paisinéir agus é ag gearán faoi.

An tseachtain seo caite, dúradh i gcáipéis a d’eisigh an Rialtas gur ‘ceist phleanála’ é an teorainn do phaisinéirí agus ‘ní féidir’ agus ‘nach ndéanfaidh’ idirghabháil faoi.

Mar sin féin, deir forógra Fhine Gael go n-oibreoidh siad i dtreo deireadh a chur le teorainn phaisinéirí Aerfort Bhaile Átha Cliath’ chun ‘a chinntiú go n-éascaítear Aerfort Bhaile Átha Cliath fás de réir riachtanais ár ndaonra agus ár ngeilleagair’.

Dúirt Donohoe nach raibh aon tionchar ag an dinnéar ar chinneadh a pháirtí faoi sin.

Michael O'Leary
Michael O’Leary

Tá sé ráite ag an Taoiseach Simon Harris freisin nár bhain an cruinniú dinnéir le catagóir na brústocaireachta.
Nuair a fiafraíodh de an raibh an dinnéar ina shampla de Fhine Gael a bheith ró-ghar do gnólachtaí móra, dúirt sé: ‘Tá mo pháirtí bródúil as an bhfiontar (enterprise).’
Duirt sé go bhfuil siad go mór ar son an infheistíocht agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí beaga.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram