

Tá Virgin Media Television tar éis an tseó gheandála (dating show) Gaeilge, a chuir Gráinne Seoige i láthair, Grá ar an Trá, a chur ar ceal.
Tá Gráinne anois ina hiarrthóir san olltoghchán d’Fhianna Fáil agus feictear é sin mar cheann de na cúiseanna atá leis an gcur ar ceal.

Tuairiscíodh cheana féin ag ExtraG.ie go mbeadh Virgin Media Television ag sárú na dtreoirlínte rialála trí chead a thabhairt do Gráinne clár a chur i láthair le linn feachtais toghcháin.
Tá Gráinne ag seasamh i dtoghcheantar na Gaillimhe Thiar, áit nach bhfuair sí mórán tacaíochta de réir pobalbhreith TG4 le déanaí.
Tá teipthe go dona ar Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar de réir na pobalbhreithe de chuid TG4.
Bhí an páirtí i dtrioblóid ag dul isteach sa toghchán mar nár sheas a n-iarrthóir móréilimh Éamon Ó Cuív.
Mar sin féin i bpobalbhreith de chuid TG4 ní bhfuair Gráinne ach 7% de na vótaí.
Seo mar a dúirt daoine go vótálfaidís siad i nGaillimh Thiar:
Sin an chéad cheann de shraith pobalbhreith B&A TG4/Ipsos i gceithre thoghcheantar ina labhraítear Gaeilge.
Bhí Grá ar an Trá le Gráinne le craoladh i mí Dheireadh Fómhair agus bheadh sé ar an teilifís ar feadh cúig seachtaine.
An mhí seo caite, áfach, dheimhnigh Virgin nach ndéanfaí é a chraoladh.
Is é sin toisc go sáródh Virgin Media treoirlínte rialála trí chead a thabhairt do Gráine clár a chur i láthair le linn an fheachtais.
Dúirt urlabhraí do Choimisiún na Meán nach raibh siad i dteagmháil le Virgin Media faoin tsraith, ach dúirt siad go bhfuiltear ag súil go leanfadh gach craoltóir treoirlínte maidir le clúdach toghcháin.
Dúirt siad: ‘Ceanglaítear ar chraoltóirí cloí le Cóid agus Rialacha na Meán, lena n-áirítear Cód Cothroime, Oibiachtúlachta agus Neamhchlaontachta Choimisiún na Meán.
‘Ní féidir le hábhar craolta rudaí a léiriú i bhfabhar, nó i gcoinne, aon leasa toghcháin, lena n-áirítear páirtithe nó iarrthóirí.’
Is féidir le Virgin Media an tsraith a thaispeáint, a taifeadadh cheana féin, tar éis an toghcháin, gan aon treoirlínte a shárú, más mian leo.

Ag an am, ní déarfadh Virgin cathain a chraolfaí an tsraith, ach tá an Mail on Sunday ag tuairisciú anois go bhfuil an seó curtha ar ceal.
Níor fhreagair urlabhraí do Virgin Media ceisteanna faoin seó.
Mar sin féin, dheimhnigh foinse stáisiúin nach mbeidh an seó ar ais arís.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.