Mescal, to be or not to be! An nglacfaidh Paul ról san ‘Abbey’ anois?

17/11/2024

Seans go nglacfaidh Paul Mescal ról ar stáitse an ’Abbey’ tar éis an ‘blockbuster’ Hollywood. Gladiator II

Tá ardmholadh tuillte ag Paul Mescal as a ról i Gladiator II ach tá dúil mhór aige sa stáitse freisin.

Tá rath bainte amach ag go leor aisteoirí cáiliúla i scannáin mhóréilimh, ach bhí siad le feiceáil ar an stáitse le linn a ngairmréime freisin.

Thuill Mescal léirmheasanna den scoth, agus Gradam Laurence Olivier i 2023, as a ról in A Streetcar Named Desire ag an West End i Londain, tar éis dó clú a bhaint amach i Normal People.

An Gladiator Paul Mescal
An Gladiator Paul Mescal

Beidh sé ar ais ar stáitse Londain an bhliain seo chugainn sa ról céanna.

Tugadh an-mholadh do Mescal, as Maigh Nuad i gContae Chill Dara, as a ról i léiriúcháin Éireannacha den Great Gatsby agus The Lieutenant of Inishmore.

Anois tá tuairiscí ann go bhfuil Amharclann na Mainistreach (Abbey Theatre) ag síneadh amach chuig Paul chun páirt a ghlacadh i gceann dá gcuid drámaí.

Dúirt foinse atá gar don amharclann go bhfuil siad ‘i dteagmháil lena ghníomhaire, Lara Beech’.

Dúirt siad freisin, áfach: ‘Is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil sé chomh gnóthach faoi láthair.’

Dúirt an fhoinse nach bhfuil sé ráite ag Paul, ach go mbeadh a fhios ag a fhoireann ‘bliain ar a laghad, b’fhéidir dhá bhliain’, roimh aon dráma.

Beidh Mescal, atá 28 bliain d’aois, ar ais arís mar Stanley i léiriú Rebecca Frecknall de A Streetcar Named Desire le Tennessee Williams sa West End an bhliain seo chugainn.

Mairfidh an dráma ar feadh trí seachtaine ón 3 Feabhra go dtí an 22 Feabhra ag Amharclann Noël Coward sula n-aistreofar chuig Acadamh Ceoil (Academy of Music) Brooklyn i Nua-Eabhrac.

Tuigtear go bhfuil meas mór ag Paul don drámadóir Éireannach, Tom Murphy, agus mhol an fhoinse go bhféadfadh léiriú de cheann dá dhrámaí cabhrú le Mescal a mhealladh ar ais.

D’fhéadfadh ‘glúin iomlán nua’ a thabhairt isteach sna hamharclanna nuair a fhilleann Paul ar stáitse na hÉireann a dúirt a Sinéad O’Connell, a stiúir Mescal i léiriúchán scoile de Phantom Of The Opera.

Dúirt sí: ‘Ó thaobh na Mainistreach (Abbey) de, nach mbeadh sé iontach aisteoir móréilimh a fháil ionas go n-éireoidh leis an slua a thabhairt ar ais?’

Le Saoirse Ronan
Le Saoirse Ronan

Dúirt Ms O’Connell, iar-mhúinteoir ag scoil Mescal’ i Maigh Nuad, atá anois ag bainistiú a scoil cheoil féin, go bhfuil an amharclannaíocht in Éirinn ‘éirithe beagán, b’fhéidir, do na daoine ardnósacha agus ní do na gnáthdhaoine’.

Dúirt sí: ‘Féadfaidh amharclann ceoil a bheith beagán difriúil, ach níl dráma ar an sean-nós chomh coitianta agus a bheadh ​​sé.

‘Tá aithne agam ar neart daoine nár chas riamh cos san “Abbey” , mar sin b’fhéidir gur deis é seo do na ticéid a dhíol.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram