Geallann Fianna Fáil €350 in aghaidh na seachtaine de phinsean ‘nach bhfuil sé d’acmhainn againn é a íoc’

12/11/2024

Ní bheimid in ann gealltanas toghcháin Fhianna Fáil ar an bpinsean a íoc nuair a shroichfidh líon na bpinsinéirí 1.6 milliún

Táthar ag iarraidh ar phinsinéirí vótáil d’Fhianna Fáil san olltoghchán, le gealltanas de €2 billiún breise in íocaíochtaí pinsin thar shaolré an chéad rialtais eile.

Gheall Fianna Fáil go n-ardófaí an pinsean Stáit go dtí ‘ar a laghad’ €350 in aghaidh na seachtaine.

Ach ba chúis imní é gealltanas an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin d’eacnamaithe atá ag coinneáil súil ar chaiteachas páirtithe an Rialtais.

Micheál Martin ag seoladh a bhí ag Fianna Fáil
Micheál Martin ag seoladh a bhí ag Fianna Fáil

Thug an t-eacnamaí mór le rá Austin Hughes foláireamh go gcuirfeadh Fianna Fáil íocaíochtaí den sórt sin ar an gcúrsa le haghaidh buama ama pinsin (pension timebomb) ‘níos pléascaí’ fós.

Tá sé seo amhlaidh toisc go bhfuil daonra níos sine sa tír seo cheana féin agus go mbeidh géarghá le hairgead chun na pinsin ar fad a íoc amach anseo.

Méadaíodh an pinsean Stáit faoi €12 go €289.30 i mBuiséad Dheireadh Fómhair.

Agus anois tá geallta ag Fianna Fáil go n-ardófar é go €350 sa tseachtain, le méadú bliantúil 5% má thoghtar é.

Gheall an tUasal Martin freisin go gcoinneodh sé aois an phinsin ag 66.

Meastar go bhfuil méadú níos mó ná 40% tagtha ar líon na ndaoine atá 65 bliain d’aois agus os a chionn, le deich mbliana anuas.

Mhéadaigh an líon sin go 806,000 in 2023, dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO).

Agus tá tuartha (predictions) go ndúblóidh líon na ndaoine atá 65 bliain d’aois agus níos sine go 1.6 milliún faoi 2051 ina n-údar imní faoin gcaoi a mbeidh an Stát in ann íoc as pinsin arda.

Deirtear i bhforógra páirtí Fhianna Fáil: ‘Is é an Pinsean Stáit bunchloch an tsoláthair pinsean in Éirinn.

Jim O'Callaghan agus Jack Chambers ag an seoladh
Jim O’Callaghan agus Jack Chambers ag an seoladh

‘I 2019, €248.30 a bhí ann agus anois is €289.30 in aghaidh na seachtaine faoi Rialtas Fhianna Fáil atá ann.

‘Táimid tiomanta a chinntiú go soláthraíonn sé caighdeán maireachtála maith do dhaoine scothaosta ar scor dóibh.’

Geallann siad freisin reachtaíocht a thabhairt isteach a chinnteodh go mbeidh daoine in ann oibriú thar 65 bliain d’aois más mian leo.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram