

Tá imní mhór ann faoi ghealltanais do leigheas teiripe athsholáthair hormón (hormone replacement therapy, HRT) in aisce mar gheall ar fhadhbanna le soláthairtí (supply).
Tá sé ráite ag gnólachtaí cógaisíochta go bhfuil scéim a bhí geallta ag an Rialtas faoi bhagairt thromchúiseach mar gheall ar an nganntanas.
Bhí sé le tosú i mí Eanáir na bliana seo chugainn.
Léiríonn figiúirí go bhfuil 333 cógas as stoc faoi láthair.

Mhínigh mná a bhfuil sos míostraithe (menopause) orthu go bhféadfadh torthaí ‘uafásacha’ a bheith mar thoradh ar athrú ar chógais HRT agus go gcaithfidh an Rialtas a bheith soiléir faoi na cógais atá san áireamh sa chlár.
Dúirt príomhfheidhmeannach an ghnólachta drugaí Azure, Sandra Gannon, nach n-oibreoidh clár HRT nua i gceart mura bhfuil an cógas ceart ar fáil.
‘Tá fíor-imní ar fud an phobail chógaisíochta nach dtuigtear go hiomlán scála na ndúshlán soláthair le HRT,’ a dúirt sí.
Bhíothas ag súil go sábhálfadh an tacaíocht HRT saor in aisce suas le €840 in aghaidh na bliana do mhná.
Bhí sé le bheith mar chuid de phacáiste cúram sláinte ban €35 milliún, a thabharfar isteach i mí Eanáir.
Gheall an Rialtas go n-íocfaidís as costas cóireála ar nós paistí HRT agus cógais eile.
Dúirt Loretta Dignam, ceannaire The Menopause Hub, áfach, go bhfuil imní mhór uirthi faoi ghanntanas an chógais.
Agus dúirt sí go bhféadfadh frithghníomhartha díobhálacha (adverse reactions) a bheith ag roinnt othar má chuirtear cógais eile in ionad na gcógas sin.
Dúirt sí nach bhfuil aon sonraí feicthe aici faoin gcaoi a gcuirfear an leigheas HRT ar fáil.
‘Tá ceist maidir le cumarsáid. Níl a fhios againn cad atá san áireamh. Táim ar “testosterone” – tá sé de dhíth ar mhná áirithe, ní bhíonn sé ar chuid acu – an bhfuil sé san áireamh? Níl a fhios agam.
‘Tá ganntanas paistí ann freisin agus níl a fhios acu cathain a bheidh siad ag teacht ar ais.’

Dúirt sí: ‘Féadann sé a bheith deacair cógais a athrú. Tá a fhios agam i mo chás go raibh sé uafásach.
‘Tá sé beagán cosúil leis an “Pill”: b’fhéidir nach bhfuil an chéad cheann oiriúnach duit agus leanann tú ag iarraidh go dtí go bhfaighidh tú ceann a dhéanann an jab.
‘Ansin téann do tháirge as stoc agus caithfidh tú aistriú. Tá sé thar a bheith dian, agus mar sin tá imní mhór orm faoi.’
Dheimhnigh an Roinn Sláinte go bhfuil ganntanas ceithre chineál cógais ar leith a úsáidtear chun mná a chóireáil le linn sos míostraithe.
Dúirt siad freisin go bhfuil eolas acu faoin strus a d’fhéadfadh ganntanas cógais a chruthú d’othair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.